Cabhair le hObair Bhaile

Cabhair le hObair Bhaile

Nodanna don Leabharlann

Réitigh tú féin sula dtugann tú cuairt ar an leabharlann

Tabhair leat do thionscadal obair bhaile, do chárta leabharlainne, peann, páipéar agus airgead chun cóipeanna a dhéanamh (15c do chóipeanna Dubh agus Bán, 30c do chóipeanna Daite)

Tabhair Dóthain Ama duit féin

Má fhanann tú go dtí an lá sula mbeidh an tionscadal le bheith istigh, d’fhéadfadh an t-eolas ar fad bheith imithe. Beidh leabhair thagartha ar fáil le húsáid istigh sa leabharlann amháin.

Cuir na ceisteanna ort féin

Cé? Céard? Cén uair? Cén Áit? Cén fáth? Agus Cén chaoi? ag baint le d'ábhar

Ná himigh riamh gan cúnamh a iarradh!

Mura bhfuair tú an rud a bhí uait, cuir ceist orainn! Tá foireann na leabharlainne anseo chun cabhrú leat na háiseanna ar fad a fháil – lena n-áirítear an t-eolas ar líne!

Láithreáin Ghréasáin d’Obair Bhaile

Má bhíonn cúnamh uait le hobair bhaile – féach ar na Láithreáin Ghréasáin le cuidiú leat le d’obair bhaile:

Mura bhfuil tú cinnte faoi litriú focail – féach ar  www.wordcentral.com

Tá acmhainní rí-úsáideacha cosúil le Encyclopaedia Britannica – Eagrán Bunúsach agus Mic Léinn ar fáil ar líne ar láithreán Leabharlanna Átha Cliath Theas (www.southdublinlibraries.ie).

Gliogáil ar Taighde ar Líne ar an láithreán gréasáin. Beidh cárta leabharlainne ag teastáil uait le logáil isteach ar acmhainní éagsúla.