Languages

 

Léirmheasanna Leabhar do Leitheoirí Líofa

Mad Grandad’s Robot Garden le Oisin McGann

Tá garraíodóir róbait nua ag daideo craiceáilte Lenny. Ní bheidh ar Dhaideo a thuilleadh gortghlantha ná gearrtha a dhéanamh. Ach tá pleananna eile ag an róbat. I ndorchadas na hoíche, tosaíonn sé gairdín dá chuid féin agus baintear geit ghránna as Lenny agus Daideo nuair a dhúisíonn siad! 

The Little Witch who can’t spell le Marie Burlington

Ní féidir leis an Little Witch litriú. Tá a cuid orthaí draíochta trína chéile.Ansin aimsíonn sí fleasc, fleasc cumhachtach draoi. “Oh no” a deir a cat Spooky, agus é ag rith chun foscadh a fháil. Ní bheidh i gceist le Little Witch agus fleasc cumhachtach draoi ach rud amháin…T-R-IO-B-L-Ó-I-D! Agus tá an ceart ag Spooky. 

Demon from the Deep End le James Allison

Nuair a fhaigheann Liam Brodie, a dheirfiúr Sophie agus Evan a bhfuil suim aige i scannáin uafáis deis dul ar saoire go dtí an Spáinn, tapaíonn siad í. Ní bhíonn súil acu go mbeidh siad ina réalta i bhfíorscéal uafáis…

Running Wild le Michael Morpurgo

Eachtra eipic agus grámhar ón údar sárdhíola a scríobh Kaspar agus Born to Run. Nuair a chailltear athair Will atá 10 mbliana d’aois i gcogadh na hIaráice, tugann a mháthair saoire chuig an Indinéis dó mar iontas. Ach ní fhéadfadh sí fios bheith aici maidir lena raibh i ndán dóibh ann.

6 Feet Deep le Rose Impey

Cé mhéad buachaill eile a bhfuil máthair acu atá sásta bheith curtha sa talamh agus í beo – ar mhaithe le bheith i leabhar na dtaifead. Cheap Jordan nach raibh aon duine seachas é féin i dteaghlach chomh aisteach. Agus is fadó an lá ar éirigh sé bréan den bheagán clú agus saoirse.