Languages

 

Leabhair Iontacha le Léamh os Ard

The Tiger Who Came To Tea

The Tiger who came to Tea le Judith Kerr

Age 0-5

Tá cion ag leanaí ar an scéal clasaiceach seo le os cionn 30 bliain.   Ní osclaíonn tú an doras gach lá chun tíogar a fhéiceáil atá ag iarraidh teacht isteach le haghaidh tae. Ach is é sin go díreach a tharlaíonn do Sophie agus a máthair lá amháin.

We’re going on a bear hunt le Michael Rosen

Aois 0-5

Lean sceitimíní an teaghlaigh agus iad ag siúl tríd an bhféar, an abhainn agus an láib ag lorg béir. Cén iontas atá rompu sa phluais ar an taobh eile den fhoraois dhorcha.

Snow white and the seven aliens

Snow White and the Seven Aliens le Laurence Anholt

 

Bhí brionglóid ag Snow White maidir le bheith ina réalt popcheoil. Theastaigh uaithi bheith ag uimhir a haon sna cairteanna, cosúil lena laoch Hank Hunk. Is scéal amaideach é seo atá an-taitneamhach le léamh.

Revolting Rhymes.jpg

Revolting Rhymes le Roald Dahl

Aois 5 – 8

Is athinsint ghreannmhar é seo ar sé shíscéal a bhfuil aithne mhaith orthu ina bhfuil deireadh iontais in áit na gnáthcríche sona. Is iad na scéalta: Cinderella, Jack and the Beanstalk, Snow White and the Seven Dwarfs, Goldilocks and the Three Bears, Little Red Riding Hood and the Wolf, The Three Little Pigs.

Journey to the River Sea

Journey to the River Sea le Eva Ibbotson

Aois 8 – 11

Is scéal é seo a gheobhaidh aird an éisteora agus a choinneoidh í, leabhar a thugann beocht don Amasóin le banlaoch beoga a bhfuil a fhios aici a bhfuil ag teastáil le maireachtáil.