Baile Uí Ruáin
Is leabharlann gnóthach a tógadh le sainchuspóir atá i leabharlanna Bhaile Uí Ruáin a osclaíodh i 1986 agus a bhfuil an t-achar urláir roinnte go cothrom idir na rannóga do leanaí agus do dhaoine fásta. Tá seomra seimineáir ann, áit le haghaidh taispeántais agus rochtain Idirlín saor in aisce ar na ríomhairí.
De réir ár dtiomantas seirbhíse, rochtain d’ár seirbhísí a chothú d’ár gcustaiméirí uilig, tá an bealach isteach don leabharlann agus bealaigh tríd an leabharlann éascaithe le rampaí. Tá réimse fairsing ábhar i bhfoirmeacha éagsúla ar fáil sa leabharlann, in a measc leabhair i gcló mór, closleabhair ar CD agus rochtain ar líne d’ár láthair íoslódála. Tá closchóras lúb ionduchtúcháin ag an gcuntar agus tá ríomhairí ar fáil le teicneolaíochtaí cúnta. Le do thoil, roghnaigh an nasc a leannán chun tuilleadh eolais a fháil ar Ghnéithe Rochtana, Leabharlann Bhaile Uí Ruáin. Cuireann an leabharlann Seirbhís Sheachadadh Baile ar fáil do dhaoine nach féidir leo cuairt a thabhairt ar an leabharlann. Tá sonraí agus físeán san áireamh ar fáil faoi ghnéithe rochtana gach Leabharlann Átha Cliath Theas ar ár leathnach Rochtain.
Áirítear i measc na n-imeachtaí rialta a eagraítear do dhaoine fásta ranganna comhrá teanga, ranganna ríomhaireachta do thosaitheoirí, clubanna leabhar, grúpa scríbhneoirí agus club cniotála. Áirítear i measc na n-imeachtaí a eagraítear do leanaí grúpa Tuismitheora agus Lapadáin, am scéalaíochta dóibh siúd faoi shé bliana, club fichille agus club leabhar míosúil do leanaí. Anuas air sin, reáchtálann an leabharlann ceardlanna éagsúla agus imeachtaí aon uaire ag ceiliúradh saol cultúrtha an phobail.
Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí.
Gliogáil anseo chun liosta imeachtaí don tseachtain seo chugainn a fheiceáil
There are no events scheduled for this week.
Teagmháil
Seoladh
Leabharlann Bhaile Uí Ruáin
Ascaill Bhaile Uí Úlloird
Ráth Fearnáin
Baile Átha Cliath 16
Teil: + 353 1 4941900
Facs: +353 1 4947083
Uaireanta Oscailte
Dúnta ar an Satharn agus an Luan de Dheireadh Seachtaine Saoire Bainc
- Luan: 9.45 - 8.00
- Máirt: 9.45 - 8.00
- Céadaoin: 9.45 - 8.00
- Déardaoin: 9.45 - 8.00
- Aoine: 9.45 - 4.30
- Satharn: 9.45 - 4.30
Leabharlannaí Sinsir: Ann Dunne
Ríomhphost na Leabharlainne: ballyroan@sdublincoco.ie
Léarscáil agus Treoracha
Is féidir teacht chuig an Leabharlann ar bhus 15B ó Shráid an Choláiste chuig Páirc Áine Ní Dhoibhlin. Chun sonraí an chláir ama, an bhealaigh agus táillí a fháil, gliogáil ar féach ar láithreán gréasáin Bus Bhaile Átha Cliath.
Tá carrchlós ar fáil ag taobh na leabharlainne.

