Caisleán Thig Motháin

Tá Leabharlann Chaisleán Thigh Motháin ag freastal ar an bpobal le 25 bliana anuas. Cuirimid réimse leathan ábhar ar fáil le tógáil ar iasacht agus seirbhísí cosúil le:

  • Do dhaoine fásta tá rogha fairsing leabhar, ó leabhair shárdhíola agus beathaisnéisí nua, chuig treoracha taistil agus leabhair gharraíodóireachta.
  • Is féidir leat cóip den Scrúdú Teoiric Tiomána a fháil nó teanga a fhoghlaim lenár gcúrsaí ilmheáin.
  • Tá réimse leathan DVDanna againn, a chlúdaíonn sraitheanna teilifíse a bhfuil tóir orthu cosúil le The Sopranos agus na heisiúintí DVD is déanaí. Is féidir iad seo a thógáil ar feadh seachtain amháin gan aon táille.
  • Is féidir leat pictiúr a thógáil ar iasacht, trínár scéim iasacht prionta, nó irisleabhar ónár réimse leathan tréimhseacháin.
  • Brabhsáil na páipéir nuachta laethúla nó féach ar ár dtaispeántas is déanaí.
  • Tá rochtain Idirlín agus áiseanna priontála ar fáil do bhaill leabharlainne agus cuirimid seirbhísí fótachóipeála agus facs ar fáil chomh maith.
  • Faigh foirm chun do phas a athnuachan nó le haghaidh do cheadúnas tiomána. Tá rogha leathan foirmeacha eile again chomh maith.
  • Seiceáil an bhfuil d’ainm ar chlár na dtoghthóirí, nó bain úsáid as ár WiFi le do ríomhaire glúine.
  • Faigh an nuacht is déanaí maidir le himeachtaí atá ar siúl go háitiúil agus go náisiúnta trí féachaint ar an rogha mór eolas pobail atá againn.

Cuirimid sraith leanúnach cúrsaí agus gníomhaíochtaí ar fáil ó Ríomhairí do Thosaitheoirí go comhrá Spáinnise agus club leabhar beoga. Athraíonn na rudaí atá ar fáil go rialta mar sin féach ar ár mbróisiúr míosúil, ar láithreán na leabharlainne nó sna meáin áitiúla chun eolas a fháil maidir lena bhfuil ar fáil anois.

Do leanaí tá rogha mór leabhar againn do gach aoisghrúpa ó pháistí óga go dtí déagóirí.

  • Cuirimid leabhair chéimnithe léitheoireachta ar fáil chun muinín léitheoirí óga a fhorbairt.
  • Tá rannóg ar leith againn d’ógánaigh agus limistéar staidéir. Tá ábhar tacaíochta againn do chúrsaí na hArdteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh.
  • I measc na ngníomhaíochtaí atá againn do leanaí tá am scéalaíochta rialta, club leabhar sóisearach agus seisiúin ealaíne agus cheardaíochta. I rith saoire na scoileanna agus Fhéile na Leabhar na bPáistí, eagraímid imeachtaí breise do leanaí. Bíonn rogha cluichí, bréagáin, míreanna mearaí agus gníomhaíochtaí ar fáil i gcónaí do leanaí a thagann isteach tar éis na scoile.

Fáiltímid roimh chuairteanna ó ranganna bunscoile agus meánscoile agus táimid sásta dul ar cuairt chuig scoileanna agus naíonraí. Tig le múinteoirí úsáid a bhaint as ár n-áis iasachta chun leabhair a fháil ar iasacht go fadtéarmach le húsáid sa rang.

Tá Leabharlann Chaisleán Thigh Motháin go hiomlán inrochtana le cathaoir rothaí agus tá dhá spás páirceála do dhaoine faoi mhíchumas díreach taobh amuigh den doras. Tá córas na lúibe againn dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu agus léitheoir finíochta chun ábhar clóite a mhionathrú do dhaoine lagamhairc.

Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí

Gliogáil anseo le haghaidh liosta imeachtaí don seacht lá atá romhainn

Date Title
11/09/2010 - 9:45am
An exhibition by Tomas Maher available to view during library opening hours at Castletymon Library.All are welcome.
12/09/2010 - 9:45am
An exhibition by Tomas Maher available to view during library opening hours at Castletymon Library.All are welcome.
13/09/2010 - 9:45am
An exhibition by Tomas Maher available to view during library opening hours at Castletymon Library.All are welcome.
14/09/2010 - 9:45am
An exhibition by Tomas Maher available to view during library opening hours at Castletymon Library.All are welcome.
15/09/2010 - 9:45am
An exhibition by Tomas Maher available to view during library opening hours at Castletymon Library.All are welcome.
15/09/2010 - 12:30pm
English classes for beginners. Re-commences on 15th of September and runs every Wednesday from 12.30pm - 1.30pm. Please contact the library for further details at 01 4524888.
16/09/2010 - 9:45am
An exhibition by Tomas Maher available to view during library opening hours at Castletymon Library.All are welcome.
16/09/2010 - 3:00pm
Arts and Crafts for kids. Booking essential from the Monday of every week. Please contact Castletymon Library at 01 4524888.
17/09/2010 - 9:45am
An exhibition by Tomas Maher available to view during library opening hours at Castletymon Library.All are welcome.
18/09/2010 - 9:45am
An exhibition by Tomas Maher available to view during library opening hours at Castletymon Library.All are welcome.
18/09/2010 - 10:30am
Multiple Births Association meeting on Saturday 18th of September. Please contact the library for further information at 01 4524888. 

Teagmháil

Seoladh:
Leabharlann Chaisleán Thigh Motháin
Bóthar Thigh Motháin Thuaidh
Tamhlacht
Baile Átha Cliath 24

Teil: +353 1 4524888
Facs: +353 1 4597873

 

Uaireanta Oscailte

Dúnta ar an Satharn agus an Luan de Dheireadh Seachtaine Saoire Bainc

  • Luan: 9.45 - 5.00
  • Máirt: 9.45 - 5.00
  • Céadaoin: 9.45 - 5.00
  • Déardaoin: 9.45 - 5.00
  • Aoine: 9.45 - 4.30
  • Satharn: 9.45 - 4.30 

 
Leabharlannaí Sinsir: Helen Brennan
Ríomhphost na Leabharlainne: castletymon@sdublincoco.ie

Léarscáil agus Treoracha

Is féidir teacht chuig an leabharlann ar bhus 77a ó Ché Éidin. Chun eolas a fháil ar chláir ama, bealaí agus táillí féach ar láithreán Bhus Átha Cliath.
Tá carrchlós ar fáil os comhair na leabharlainne.

Javascript is required to view this map.