Ba mhaith liom...

Leamhcán

Leabharlann LeamhcháinIs leabharlann lánaimseartha atá i Leabharlann Leamhcáin in Ionad Siopadóireachta Superquinn. Tá sí suite ar fhíorchlé an ionaid, in aice le hoscailt Dunnes Stores.

Osclaíodh an leabharlann don phobal i mí na Samhna 2000. Is foirgneamh nua-aimseartha geal atá ann ar an gcéad urlár d’Ionad Siopadóireachta Superquinn agus tá sé inrochtana le hardaitheoir. Tá rannóg mór leanaí agus seomra seimineáir ann ar féidir le grúpaí pobail áitiúla cur in áirithe.

De réir ár dtiomantas seirbhíse, rochtain d’ár seirbhísí a chothú d’ár gcustaiméirí uilig, tá an bealach isteach don leabharlann éascaithe le doirse uathoibríoch agus bealaigh tríd an leabharlann éascaithe le hardaitheoir. Tá spásanna páirceála inrochtana ar fáil gar don leabharlann. Tá réimse fairsing ábhar i bhfoirmeacha éagsúla ar fáil sa leabharlann, in a measc leabhair i gcló mór, closleabhair ar CD agus rochtain ar líne d’ár láthair íoslódála. Tá closchóras lúb ionduchtúcháin ag an gcuntar agus tá ríomhaire ar fáil le teicneolaíochtaí cúnta. Ta Formhéadaitheoir Cló CCTV ar fáil a mhéadaíonn ábhar clóite do dhaoine le lagú amhairc. Tá cuid íseal ag an gcuntar. Tá leithreas poiblí inrochtana ann chomh maith. Tá roinnt comharthaíocht tadhaill treorach ar fáil. Le do thoil, roghnaigh an nasc a leannán chun tuilleadh eolais a fháil ar Gnnéithe Rochtana, Leabharlann Leamhcháin (pdf, 17 Kb). Tá sonraí, agus físeán san áireamh, ar fáil faoi ghnéithe rochtana gach Leabharlann Átha Cliath Theas ar ár leathnach Rochtain.

Freastalaíonn an leabharlann ar dhaonra Leamhcáin agus na ceantair mháguaird atá ag fás i gcónaí; ón sráidbhaile stairiúil, inar chónaigh Patrick Sarsfield agus James Gandon, go dtí an ceantar uirbeach nua-phleanáilte Bhaile Adaim.

Chomh maith le rochtain a chur ar fáil ar ábhar i réimse leathan formáidí, is í an leabharlann pointe fócasach an phobail, reáchtálann sí taispeántais, ranganna teanga, ranganna ríomhaireachta, grúpaí léitheoireachta, grúpaí tuismitheora agus lapadáin agus roinnt mhaith gníomhaíochtaí eile do dhaoine fásta agus leanaí.

Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí

 

 

Gliogáil anseo chun liosta imeachtaí don 7 lá atá romhainn a fheiceáil

Date Title
18/12/2017 - 9:45am
By Tom McHughAll welcome during library opening hours.
18/12/2017 - 10:30am
Lucan Knitting Club (Part of: )
All welcome.
18/12/2017 - 1:00pm
Cuidiú (Part of: )
Local parenting support group, focussing on breastfeeding. (www.cuidiu.ie)
19/12/2017 - 9:45am
By Tom McHughAll welcome during library opening hours.
19/12/2017 - 3:00pm
story Time (Part of: )
For 3-5 year oldsAll welcome
20/12/2017 - 9:45am
By Tom McHughAll welcome during library opening hours.
20/12/2017 - 7:00pm
Discussing 'We were the Mulvaneys' by Joyce Carol OatesNew members welcome
21/12/2017 - 9:45am
By Tom McHughAll welcome during library opening hours.
21/12/2017 - 10:00am
New members welcome.
21/12/2017 - 2:30pm
Japanese Family Group (Part of: )
Parent and children group with arts and crafts activities for local Japanese families.
22/12/2017 - 9:45am
By Tom McHughAll welcome during library opening hours.

 

 

Teagmháil

Seoladh:

Ionad Siopadóireachta Superquinn
Bóthar an Chaisleáin Nua
Leamhchán
Co. Bhaile Átha Cliath

Teil: +353 1 6216422
Facs: +353 1 6216433

Uaireanta Oscailte

Dúnta ar an Satharn agus an Luan de Dheireadh Seachtaine Saoire Bainc
Luan: 9.45 - 8.00
Máirt: 9.45 - 8.00
Céadaoin: 9.45 - 8.00
Déardaoin: 9.45 - 8.00
Aoine: 9.45 - 4.30
Satharn: 9.45 - 4.30

Leabharlannaí Sinsir: Laura Joyce
Ríomhphost na Leabharlainne: lucan@sdublincoco.ie

Léarscáil agus Treoracha

Is féidir teacht chuig an Leabharlann ar bhus 25a ó Ché an Adhmaid chuig Superquinn, Bóthar an Chaisleáin Nua. Stopann an 25x ó Belfield ann chomh maith. Chun eolas a fháil ar bhealaí, cláir ama agus táillí, féach ar láithreáin Bhus Átha Cliath.

Javascript is required to view this map.