Ospidéal Stewart
Tá Leabharlann John Jennings suite ar thailte Ospidéal an Stíobhardaigh i mBaile Phámar. Is leabharlann bheag í ina bhfuil bailiúchán speisialta leabhar agus irisí maidir le deacrachtaí foghlama agus intleachta. Cuirtear seirbhís níos leithne ar fáil don phobal chomh maith lena n-áirítear rochtain saor in aisce ar an Idirlíon agus ar WiFi.
Tagann Club Leabhar Leabharlann Stewart le chéile sa leabharlann.
Is comhpháirtíocht phríobháideach/phoiblí atá sa Leabharlann idir Leabharlanna Contae Átha Cliath Theas agus Seirbhísí Ospidéal an Stíobhardaigh Teo. Feidhmíonn sí i gcomhpháirtíocht le Leabharlanna Contae Átha Cliath Theas agus cuireann sí seirbhís pháirtaimseartha ar fáil do cheantar Bhaile Phámar.
Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí.
Gliogáil anseo le haghaidh liosta imeachtaí don 7 lá atá romhainn
There are no events scheduled for this week.
Teagmháil
Seoladh:
Leabharlann John Jennings
Ospidéal Stewart
Baile Phámar
Baile Átha Cliath 20
Teil: +353 1 6264444 (fo-líne 1129)
Facs: +353 1 6261707
Leathnach na Leabharlainne ar shuíomh Ghréasáin Ospidéil Stewart
Uaireanta Oscailte
Dúnta an Luan de Dheireadh Seachtaine Saoire Bainc
- Luan: 10.00 - 5.00 (4.00pm Iúil agus Lúnasa) - dúnta don lón 12.30pm - 1.00pm
- Máirt: 10.00 - 5.00 (4.00pm Iúil agus Lúnasa) - dúnta don lón 12.30pm - 1.00pm
- Céadaoin: 10.00 - 5.00 (4.00pm Iúil agus Lúnasa) dúnta don lón 12.30pm - 1.00pm
- Déardaoin: 10.00 - 5.00 (4.00pm Iúil agus Lúnasa) - dúnta don lón 12.30pm - 1.00pm
- Aoine: 10.00 - 4.00 - dúnta don lón 12.30pm - 1.00pm
Leabharlannaí Sinsir: Siobhan McCrystal
Ríomhphost na Leabharlainne: library@stewartshospital.com
Léarscáil agus Treoracha
Is féidir teacht chuig an Leabharlann ar bhus 18 ó Fhaiche Dhumhach Thrá chuig Baile Phámar trí Sheanbhóthar Leamhcáin. Tabhair faoi deara go bhfuil siúlóid fhada ó stop an bhus go dtí an leabharlann. Chun eolas a fháil ar bhealaí, cláir ama agus táillí, féach ar láithreáin Bhus Átha Cliath.

