Buaicphointí an Cnuasaigh

Bailiúchán Chártaí Poist Stairiúla

Spa Hotel PostcardTá bailiúchán fair sing de chártaí poist seanré againn. Ina measc tá íomhánna de shéadchomharthaí agus treoirmharcanna

suntasacha an Chontae, lena n-áirítear an Clogtheach i gCluain Dolcáin agus an tÓstán Spa i Leamhcán a raibh an-tóir ar do laethanta saoire.Is féidir na cártaí poist a fheiceáil ag www.southdublinimages.ie

Bailiúchán Katharine Tynan

Is pearsa mór le rá i gcúrsaí liteartha Chontae Átha Cliath Theas í Katharine Tynan (1861 – 1931). Ba í an ceathrú iníon de chuid Andrew C. Tynan í as an Halla Bán, Cluain Dolcáin, agus in aois seacht mbliana déag d’fhoilsigh sí a céad leabhar véarsaíochta. D’fhoilsigh sí úrscéal dhá bhliain ina dhiaidh sin. Bhí sí ar dhuine de ghrúpa scríbhneoirí Éireannacha a bhí ina gcónaí i Londain sna 1880idí a tháinig le chéile chun Gluaiseacht Liteartha na hÉireann a thosú. Bhí suim dhomhain aici i miotaseolaíocht na hÉireann agus bhí dlúthbhaint aici leis an athbheochan Ceilteach. Ba cara mór í le W.B. Yeats a tháinig ar cuairt go minic ar an Halla Bán. Áiríodh i measc a haschur torthúil 18 leabhar filíochta, 105 úrscéal agus 38 leabhar eile ilghnéitheacha ina bhfuil cúig imleabhar de dhírbheathaisnéis.

Tá beagnach sraith iomlán d’oibreacha Katharine Tynan ar fáil ag Leabharlann an Chontae, Tamhlacht.

Bailiúchán an Phiarsaigh

Cover of item from the Pearse CollectionBhunaigh Pádraig Mac Piarais, réabhlóideach agus oideachasóir, Scoil Éanna i 1908. Bhí sí suite ó thús i Raghnallach ach bogadh ansin go Ráth Fearnáin í, áit a bhfuil Músaem an Phiarsaigh anois. Bhí sé i gceist go mbeadh an scoil ina samhail do chóras nua oideachais in Éirinn, báúil don Ghaeilge, agus béim láidir ar náisiúnachas, chun aidhm an Phiarsaigh a chur chun cinn go mbeadh Éire "ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith".

Scríobh Mac Piarais scéalta, aistí agus dánta i nGaeilge agus i mBéarla agus bhí sé ina shampla de nóisean an ‘íobairt fola’ chun saoirse na hÉireann a shlánú.

Tá bailiúchán cuimsitheach de scríbhinní an Phiarsaigh ag Leabharlann an Chontae, chomh maith le hábhair a bhaineann le Scoil Éanna agus teaghlach Mhic Phiarais.