Foilseacháin

Tá na leabhair um Staidéir Áitiúla seo a leanas foilsithe ag Leabharlanna Contae Átha Cliath Theas. Tá siad ar fáil le ceannach nó le tógáil ar iasacht ó bhrainsí Leabharlanna Contae Átha Cliath Theas, nó le híoslódáil in aisce i bhformáid e-leabhar ónár Láthair Íoslódála. Tá roinnt leabhar ar fáil le híoslódáil i bhformáid closleabhair chomh maith.

The Dublin and Blessington Steam Tram: A Pictorial and Social History le Aidan Cruise

An foilseachán is déanaí - ag teacht go luath go dtí an Láthair Íoslódála

Ba leanúint é teacht an LUAS go Tamhlacht i 2004 ar thradisiún fada tramanna in Átha Cliath Theas. Idir 1888 agus 1932 bhí tram Átha Cliath go Baile Coimín ag freastal ar Thamhlacht agus ar Átha Cliath Theas. Sa leabhar seo déanann Aidan Cruise cur síos ar thábhacht an tram i saol eacnamaíochta agus i saol sósialta an chontae. (€10)

Pre-Norman Grave-Slabs and Cross-Inscribed Stones in the Dublin Region le Patrick Healy

Saineolaí ab ea an seandálaí clúiteach Patrick (Paddy) Healy ar luathleacanna uaighe Chríostaí agus ar chlocha chrosghreanta. In éineacht lena staidéar sa dúiche thart timpeall ar Bhaile Atha Cliath, rinne sé staidéar i nGhleann Dá Loch don OPW agus ar na leacanna ag Chill Berrihert i nGleann Eatharlaigh. Tá clú agus cáil air ach go háirithe de bharr an staidéar a rinne sé ar Ghrúpa Leacanna Ráth an Dúin. Tá eiseamláirí de leacanna Ráth an Dúin i Ráth Fearnáin agus sa Teampall Geal. (€10)

South County Scrapbook le Mary McNally

Is sraith alt atá sa leabhar seo ar ghnéithe éagsúla de stair agus oidhreacht Chontae Átha Cliath Theas. Tugann sé forbhreathnú ar réimse leathan ábhar ó thithe ósta Ráth Cúile go dtí Cúrsa Uisce na Cathrach. Scríobh Mary McNally é i 1999, a chonaigh ar feadh a saoil i gceantair Theach Sagard agus Ráth Cúile chun cur síos a dhéanamh ar a heolas cuimsitheach ar stair cheantar Átha Cliath Theas a bhí ag athrú chomh tapa sin.

A Pictorial History of Brittas, Saggart, Newcastle and Rathcoole

Tá an stair phictiúrtha seo de shráidbhailte an Bhriotáis, Theach Sagard, an Chaisleáin Nua agus Ráth Cúile mar thoradh ar thionscadal athchuimhne a rinne Ionad Cúram Lae Four District i Ráth Cúile. Tá cuimhní na seandaoine a fhreastalaíonn ar an ionad ann chomh maith le grianghraif luachmhara a thugann beatha dhúisitheach do scéal an saoil shóisialta agus oibre a bhí sna sráidbhailte.

All Roads Lead to Tallaght, Rathfarnham Roads agus Glenasmole Roads le Patrick Healy

Ba sheandálaí suímh clúiteach a bhí i Patrick (Paddy) Healy, a bhásaigh an 11 Nollaig 2000, a raibh agus a bhfuil a All ROads Lead to Tallaght coverainm ar eolas ag gach duine a bhfuil suim acu i stair agus seaniarsmaí Bhaile Átha Cliath agus a chúlchríoch. Tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas tríd an Rannóg Staidéir Áitiúla de Leabharlann an Chontae fíorbhuíoch gur thug deartháir Patrick Peter rochtain dóibh in 2003 ar go leor dá lámhscríbhinní nach raibh foilsithe maidir le stair áitiúil mhórcheantar Átha Cliath. Tá nótaí tráchtaireachta léirsteanacha an tseandálaí mhionchúiseach iontu a raibh taighde mhionchúiseach déanta aige ar na ceantair, a shiúil na bealaí agus a chonaic na suímh faoinar scríobh sé.

D'fhoilsigh Leabharlanna Contae Átha Cliath Theas All Roads Lead to Tallaght, Rathfarnham Roads agus Glenasmole Roads, agus tógadh an t-ábhar ó lámhscríbhinní Patrick Healy. Tá siad scríofa i stíl neamhfhoirmiúil, agus tá go leor de ghrianghraif Paddy leo, a thugann an léitheoir ar thuras ar bhóithre Thamhlachta, Ráth Fearnáin agus Ghleann an Smóil agus a gcomharsanachtaí.

Bumps in the Fields and Crumbling Walls: Field Archaeology for Sunday Afternoons le Hermann Geissel

Ó mhainistreacha go tuamaí dingeacha, tá flúirse séadchomharthaí seandálaíochta fágtha againn de bharr stair Bumps in the fields coverfhada agus éagsúil na hÉireann.

Is cabhair iontach, nach féidir a dhéanamh dá uireasa atá sa leabhar seo do dhaoine áitiúla a bhfuil suim acu in obair phraiticiúil, bíodh sin dá t(h)aitneamh féin nó chun eolas agus tuiscint ar an tírdhreach seandálaíochta agus oidhreachta áitiúil a fheabhsú. Tugann sé deis do mhic léinn, siúlóirí Domhnaigh, staraithe áitiúla agus seandálaithe amaitéaracha eolas a fháil ar stair na tírdhreacha mórthimpeall orainn.

Tugann gluais théarmaí seandálaíochta, treoir ar logainmneacha Gaeilge, amlíne, forbhreathnú ar dhisciplíní na staidéar áitiúil agus liosta de na cineálacha séadchomhartha seandálaíochta peirspictíocht níos leithne dúinn. Tá léaráidí dáilte de shéadchomharthaí ar leith agus treoir shimplí chun séadchomharthaí suímh a aithint san áireamh chomh maith.

Cuirtear an leabhar i láthair ar bhealach léannta ach soiléir agus tá go leor léaráidí ann a dhéanann staidéar praiticiúil na hoidhreachta seandálaíochta inrochtana do chách.

If Those Trees Could Speak: The Story of an Ascendancy Family in Ireland le Frank Tracy

Tá an t-ádh le Contae Átha Cliath Theas go bhfuil an acmhainn nádúrtha iontach againn i gCoillte Lord Massy i gCoill an Chaoich. Is áit í a bhfuil an-tóir uirthi i gcomhair siúlóidí ar an Domhnach, ach beidh eolas ag go leor daoine ar scéal an “phiara gan phingin” agus titim an teaghlaigh cinsealachta a bhaineann le Coill an Chaoich.

Tháinig Hugh Massy go hÉirinn i 1641 mar chaptaen ar na marcraí a chuir an Rí Séarlas I anseo chun éirí amach a choinneáil faoi chois. Ina dhiaidh sin tugadh gabháltais fhairsinge dó mar bhronntanas ag Dún Tri Liag i gContae Luimnigh. Bhí rath ar a theaghlach in Éirinn agus faoi 1880 bhí gabháltais os cionn tríocha acra acu, lena n-áirítear an t-eastát álainn i gCoill an Chaoich i Ráth Fearnáin. Go luath san fhichiú céad, áfach, ní raibh an teaghlach chomh rathúil agus i 1924 díbríodh Hugh Hamon, an 8ú Barún Massy, as Teach Choill an Chaoich. Chaith sé an ceithre bliana is tríocha a bhí fágtha in shaol in a chónaí i lóiste geata ag Coill an Chaoich, ag brath ar ioncam a mhná céile. Leanann an leabhar seo stair an teaghlaigh ón Normainn san 11ú céad go dtí an lá atá inniu ann.

Más siúlóir coille Domhnaigh thú nó staraí dáiríre, insíonn an leabhar seo an scéal maidir le hardú agus titim an teaghlaigh cinsealachta. Tá taighde cuimsitheach déanta ag Frank Tracy ar theaghlach Massy agus insíonn sé a scéal ar bhealach beoga, báúil. Cuireann grianghraif ó ré eile, a tógadh do príomha ó bhailiúchán teaghlaigh Mhic Aonghusa le hinsint an scéil.

St. Mochua and the Round Tower le Joe Williams

Insíonn an leabhar seo scéal na lonnaíochta luath manachúil i gCluain Dolcáin, scéal Naomh Mochua agus scéal Chlogtheach Chluain Dolcáin.

Ba lonnaíocht fíorthábhachtach manachúil a bhí i gCluain Dolcáin agus scaip a tionchar ní hamháin ar fud Chluain Dolcáin ach trí Chill Dara Thuaidh áit a raibh roinnt lonnaíochtaí manachúla eile a bhain le Naomh Mochua. Fiosraítear teacht na Críostaíochta go hÉirinn agus na misinéirí á scaipeadh cosúil le Naomh Caoimhín, Naomh Ciarán agus Naomh Mochua. Is é Clogtheach Chluain Dolcáin an Séadchomhartha Náisiúnta is suntasaí i gceantar Chluain Dolcáin agus is suíomh iomráiteach é ag cuairteoirí chuig an ceantar agus le blianta tá an Clogtheach le feiceáil ar chártaí poist an cheantair. Cuidíonn an leabhar seo le míniú a thabhairt ar a bhunús agus feidhmeanna.

Is staraí áitiúil iomráiteach i gceantar Chluain Dolcáin é an t-údar, Joe Williams, agus is ball gníomhach de Chumann Staire Chluain Dolcáin é.

The Battle of Jadotville le Michael Whelan

Déanann The Battle of Jadotville cur síos ar scéal na bhfear Éireannach a bhí ag troid le Complacht “A” den 35ú Cathlán Coisithe, Fórsa na Náisiún Aontaithe sa Chongó (ONUC).Bhí sé de mhí-ádh orthu gur fhulaing siad go mór in Jadotville i gCúige Katanga i Meán Fómhair 1961.  Ghlac “A” freagracht as post na Náisiún Aontaithe in Jadotville an 3 Meán Fómhair. Ar an 9 Meán Fómhair tháinig fórsa mór de Katangese Gendarmerie timpeall orthu agus go moch ar maidin an 13 Meán Fómhair rinneadh ionsaí ar an gComplacht. Sna laethanta ina dhiaidh sin go dtí an 17 Meán Fómhair d’fhulaing siad ionsaithe seasta ón talamh agus ón aer. In ainneoin a bhfrithbheartaíochta chróga agus na hiarrachtaí a rinne Ceanncheathrú an 35ú Cathlán Coisithe cabhair a thabhairt, gabhadh iad an 17 Meán Fómhair. Faoin am seo ní raibh aon uisce fágtha acu agus bhí roinnt fear gortaithe. Coinníodh i ngéibhinn iad go dtí an 25 Deireadh Fómhair 1961.

Tá Michael Whelan, as Tamhlacht, ina bhall d’Óglaigh na hÉireann le 16 bliana. Bhí sé ar fiannas le fórsaí síochána na Náisiún Aontaithe i nDeisceart na Liobaine (U.N.I.F.I.L.) agus sa Chosaiv (K.F.O.R.)  Oibríonn sé ag Aeradróm Mhic Easmainn, Baile Dhónaill áit a bhfuil sé freagrach as Músaem agus Tionscadal Oidhreachta an Aer Chóir. Tagann an leabhar seo ó shuim phearsanta an údair i stair mhíleata na hÉireann, i seirbhís na Náisiún Aontaithe agus ó obair a rinne sé agus B.A. i Stair Áitiúil á dhéanamh aige in OÉ Maigh Nuad.

The House of Corkagh le Joe Devine

Tá Páirc Chorcaí atá díreach in aice le Bóthar an Náis agus a théann beagnach míle ar fhad go dtí Sráidbhaile Chluain Dolcáin, ina bhfuil 300 acra, ar cheann de na seoda is tábhachtaí i gContae Átha Cliath Theas.

Is múinteoir scoile scortha é Joe Devine a raibh suim mhór aige i stair áitiúil. Ar feadh os cionn 25 bliana tá taighde á dhéanamh aige ar stair Dhiméin Chorcaí. Go háirithe, labhair sé le daoine a bhí ina gcónaí i dTeach Chorcaí, sliocht theaghlaigh Finlay agus Colley agus le daoine a bhíodh ag obair sa teach agus ar an eastát. Dá thoradh is saineolaí aitheanta é maidir le stair Chorcaí agus téann daoine i gcomhairle leis go minic nuair a bhíonn suim acu ina stair.

Tríd an taighde an rinne sé, ba léir do Joe an tábhacht a bhain le Teach agus Eastát Chorcaí i gceantar Chluain Dolcáin agus an ról lárnach a bhí aige i saol agus eacnamaíocht an cheantair. Anuas air sin, bhí tábhacht náisiúnta leis an gceantar. Bhí John Finlay as Corcach agus a chara, an Tiarna Kilwarden as an bhfearann Nua ina mbaill de Pharlaimint Mhór na hÉireann i 1790. Bhí tábhacht náisiúnta straitéiseach le muilleoireacht púdar gunna ag Kilmatead agus ag Cluain Dolcáin.

Is é an leabhar seo, The House of Corkagh, an toradh ar thaighde Joe. Insítear scéal Theach Chorcaí i bhfocail agus i bpictiúir.