Íomhánna Áth Cliath Theas
Tá bunachar íomhánna atá inchuardaithe de réir suímh agus eochairfhocail ar líne ag www.southdublinimages.ie.
Tá bailiúchán íomhánna forbartha ó réimse foinsí atá eagraithe in ord bailiúcháin. Is iad na príomhbhailiúcháin:
Íomhánna ó bhailiúchán sleamhnán Patrick Healy, staraí agus seandálaí.
Grianghraif de Chontae Átha Cliath Theas de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ó bhailiúcháin Cardall, Eason, Johnson, Lawrence, Morgan, Lawrence New Series, Valentine agus Wiltshire
Íomhánna ó bhailiúchán sleamhnán agus grianghraf Chumann Staire Thamhlachta.
Íomhánna ó bhailiúcháin chártaí poist Joe Williams, staraí áitiúil agus David Cotter, staraí áitiúil agus caomhantóir.
Priontaí agus Grianghraif ó leabhair ar staidéir áitiúla
Íomhánna ó Stialscannáin Thamhlachta a bhí leis an leabhar Tallaght a Resource Book for Teachers
Grianghraif ó ghrianghrafadóirí áitiúla Michael Lavelle agus Brian Mac Cormaic
Tallaght 2000 grianghraif ó Lorraine Hennessy do Comtec Media Project
Priontaí topagrafacha de cheantar Átha Cliath Theas (Beranger, Grose, Petrie, etc) ó Bhailiúchán an Neptune Gallery
Priontaí de cheantar Átha Cliath Theas ó bhailiúchán Leabharlann Náisiúnta na hÉireann de phriontaí agus líníochtaí
Íomhánna ón Irish Historical Picture Company
Táimid lánsásta glacadh le bronntanais de ghrianghraif nó priontaí don bhailiúchán. Má tá aon cheann agat a cheapann tú a bheadh luachmhar don bhailiúchán, téigh i dteagmháil leis an bhfoireann i Rannóg na Staidéir Áitiúla ag Leabharlann an Chontae ag 014620073 nó cuir ríomhphost chuig localstudies@sdublincoco.ie.
