Léirscáileanna Áitiúla

Cad a bhí ansin ag amanna éagsúla?

Do Chontae i léirscáileanna ar ais go 1682 - tá léirscáileanna stairiúla Chontae Átha Cliath Theas ar fáil ó leabharlanna Átha Cliath Theas. Aimsigh suíomh do bhaile ag amanna éagsúla!

Léirscáileanna Páipéir

Tá an rogha fairsing léarscáileanna de cheantar Átha Cliath Theas le fáil i Leabharlann an Chontae i dTamhlacht. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Catalóg na Léarscáileanna. I measc na léarscáileanna atá againn tá:

  • The Barony of Newcastle and Uppercross in the county of Dublin by Thos Taylor [1660]
  • The county of Dublin ó The county of Dublin Petty, William. Hiberniae Delineatio [1660]
  • An Actual Survey of the County of Dublin (Rocque) (1760)
  • Taylor's Map of the Environs of Dublin (1816)
  • Duncan's Maps of the County of Dublin (1821)
  • Léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis de Pharóiste Thamhlachta Co. Átha Cliath 1870, 1:2500
  • Griffith's Valuation maps (1852) bunaithe ar an 1ú eagrán Léarscáileanna 6" na Suirbhéireachta Ordanáis
  • Léarscáileanna Phlean Forbartha Átha Cliath Theas 1998

Tá léarscáileanna le fáil i dtarraiceáin léarscáileanna i rannóg na Staidéir Áitiúla san ord seo a leanas:

  • Tarraiceán 1 Léarscáileanna roimh an Suirbhéireacht Ordanáis 1599 - 1798
  • Tarraiceán 2 Léarscáileanna roimh an Suirbhéireacht Ordanáis tar éis 1798
  • Tarraiceán 3 Leathanaigh Innéacs na Suirbhéireachta Ordanáis, léarscáileanna 1:1056, léarscáileanna 1:2500
  • Tarraiceán 4 an Suirbhéireacht Ordanáis, léarscáileanna 1:10,560 (6 horlaí)
  • Tarraiceán 5 Léarscáileanna Discovery Series na Suirbhéireachta Ordanáis
  • Tarraiceán 6 Léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis, 1:63,360, 1:126 720', Treoirleabhair Shráide
  • Tarraiceán 7 Léarscáileanna eile

 Acmhainní Léarscáileanna ar Líne

Griffith’s Valuation Maps

Bunaithe ar an 1ú eagrán léarscáileanna (6") na Suirbhéireachta Ordanáis, tá siad ar fáil ag www.askaboutireland.ie

Breathnóir Leabharlainne ar Léarscáileanna Stairiúla de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis Éireann

Tá léarscáileanna stairiúla de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis ar fáil anois le féachaint orthu ar líne i leabharlanna poiblí amháin. Íomhánna d’ardchaighdeán atá i gceist agus is féidir iad a phriontáil. Is féidir cuardach a dhéanamh ar na léarscáileanna de réir contae, baile fearainn nó dúiche. Is iad na sraitheanna léarscáileanna atá ar fáil:

  • 6 horlaí Daite (1834 - 1842)
  • 6 horlaí Dubh agus Bán (1834 - 1842)
  • 25 horlaí Dubh agus Bán (1834 - 1842)

Léirscáileanna Stairiúla ón OSI

léirscáileanna stairiúla ar fáil at line ón OSI agus ina dteannta tá sraitheanna aer-ghrianghrafadóireacht ar fáil