Ár gCnuasaigh

Staidéar Áitiúl

I measc an bhailiúcháin staidéir áitiúla tá leabhair, comhaid ar stair áitiúil, nuachtáin, irisí agus tréimhseacháin, léarscáileanna, eolairí, taifid thalún, béaloideas, físeáin, foilseacháin, cartlanna agus tuilleadh nach iad.

Tá roinnt bailiúchán speisialta d’oibreacha na n-údar áitiúil Katharine Tynan, Charles Lever, Austin Clarke, Pádraig Mac Piarais, Liam C. Martin agus daoine eile. Tá beagnach bailiúchán iomlán d’oibreacha Katharine Tynan ar fáil.

Tá an chuid is mó den bhailiúchán i Leabharlann an Chontae i dTamhlacht, ach tá roinnt bailiúchán beaga i ngach brainse den leabharlann.

Tá sonraí níos mine faoin mbailiúchán staidéir áitiúla ar leathanach staidéir áitiúla an láithreáin seo.

Gaeilge

Tá leabhair agus míreanna eile i nGaeilge ar fáil do dhaoine fásta agus leanaí.

Leabhair ilchultúrtha

Chomh maith le leabhair i mBéarla agus Gaeilge, tá leabhair do dhaoine fásta agus leanaí faoi 14 againn i dteangacha eile Domhanda agus Eorpacha lena n-áirítear Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis, Ollainnis, Polainnis, Liotuáinis, Laitvis, Seicis, Rúisis, Araibis, Mailéalamach, Hiondúch agus Sínis.

Bailiúchán an Chlub Leabhar

Tá bailiúchán beagnach 200 teideal roghnaithe againn do chlubanna leabhar do dhaoine fásta le tógáil ar iasacht dá gcruinnithe. Go ginearálta, bíonn timpeall 12 – 15 cóip de gach teideal ar fáil. Áirítear teidil ficsin agus neamhfhicsin sa bhailiúchán seo. Anuas air sin, reáchtálaimid Lá na Léitheoirí gach Samhain; lá iontach de chomhráite le húdair shuntasacha, arna chur i láthair ag Dermot Bolger.

Bailiúcháin Seirbhís do Léitheoirí

I ndomhan gnóthach tá sé deacair am a fháil leabhar a roghnú. Cuirimid ar a laghad 15 bhailiúchán saincheaptha ag saineolaithe ar fáil chun smaointe léitheoireachta a thabhairt do dhaoine fásta agus leanaí. Cuireann bailiúcháin cosúil le Spiorad Saor, Faigh Saol agus Chuir an Leabhar Iallach orm é a Dhéanamh roghanna suimiúla ar fáil a chuireann fonn ar léitheoirí teacht ar ais arís de ghnáth.

Polasaí Chnuasaigh

Tá ár bPolasaí Chnuasaigh is déanaí ar fáil anseo.