Ár Stoc

An bhfuil leabhair i dteangacha eile ag an leabharlann?

Tá. Tá réimse teideal, ficsean go príomha, ar fáil sna teangacha seo a leanas: Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis, Ollainnis, Polainnis, Rúisis, Seicis, Laitvis, Liotuáinis, Rómáinis, Araibis, Mailéalamach, Hiondúch agus Sínis.

An bhfuil leabhair Ghaeilge ag an leabharlann?

Tá. Tá bailiúchán mór leabhar i nGaeilge do leanaí agus daoine fásta.

An bhfuil nuachtáin ar fáil sa leabharlann?

Tá an Irish Times agus an Irish Independent ar fáil gach lá i ngach brainse den leabharlann. Tá an Irish Times ar fáil ar na ríomhairí sna brainsí chomh maith. Tá cóipeanna den Tallaght Echo chomh fada siar le 1995 le fáil i Leabharlann an Chontae i dTamhlacht. Tá Cartlann Pháipéir Nuachta na hÉireann le fáil ar líne i ngach brainse. Téann sé siar go dtí 1763 agus áirítear ann an Freeman’s Journal, the Nation agus Finn’s Leinster Journal.

Tá Polasaí Chnuasaigh na Leabharlanna is déanaí ar fáil anseo.