Ábhair Leabharlainne a Chur in Áirithe

Cé mhéad mír ar féidir liom a chur in áirithe?

Níl aon teorainn leis an méid míreanna gur féidir leat a chur in áirithe sa leabharlann. Ní féidir ach 5 mhír a chur in áirithe ag aon am amháin ar an gcatalóg gréasáin, áfach.

Cén chaoi ar féidir liom mír a chur in áirithe?

Tig leat é a dhéanamh ar dhá bhealach. Tig leat foirm áirithinte a líonadh ag ceann dár mbrainsí do mhíreanna atá ar iasacht nó nach bhfuil i stoc ag Leabharlanna Contae Átha Cliath Theas. Nó, is féidir le baill na leabharlainne, a aimsíonn mír sa chatalóg gréasáin, gliogáil ar an gcnaipe ‘cuir in áirithe’ atá ar an mír agus gheobhaidh siad fógra nuair atá sé ar fáil. Tá táille 50c as ucht mír a chur in áirithe.

Céard a tharlaíonn mura bhfuil an mhír atá uaim ar fáil?

Is féidir leat míreanna a chur in áirithe atá ar iasacht ag custaiméirí eile agus tabharfar fógra duit nuair a bhíonn siad ar fáil. Mura bhfuil mír i stoc ag Leabharlanna Contae Átha Cliath Theas, is féidir leat cóip a aimsiú trí chatalóga leabhlanna eile ar fud Éireann trí BorrowBooks. Más rud é go bhfuil an mhír ar fáil seolfar chuig aon bhrainse de Leabharlanna Átha Cliath Theas gur mian leat. Más rud é nach féidir teacht uirthi trí Borrowbooks, is féidir moladh cheannacháin a dhéanamh nó déanfaimid iarracht cóip a aimsiú duit in áit éigin eile.