Áiseanna Rochtana
An bhfuil áiseanna ag ríomhairí a chuidíonn le húsáideoirí faoi mhíchumas?
Tá. Cuirimid Kurzweil ar fáil d’úsáideoirí le leibhéil fhoghlama agus litearthachta difriúla; an bogearra Zoomtext chun an scáileán a mhéadú; agus méarchláir agus luchóga malartacha. Tá deasca i leabharlanna Bhaile Uí Ruáin, Leamhcáin, Chaisleán tSíomóin agus Chluain Dolcáin ar féidir a n-airde a athrú i gcomhair úsáideoirí i gcathaoireacha rothaí. Tá an bogearra Jaws ar fáil i Leabharlann an Chontae i dTamhlacht d’úsáideoirí lagamhairc. Beidh na háiseanna thuas ar fad ar fáil ag Leabharlann an Chontae nuair a athosclaíonn sí tar éis na hatógála.
An bhfuil gach brainse den leabharlann inrochtana le cathaoir rothaí?
Tá gach brainse inrochtana le cathaoir rothaí agus cuirimid deasca ríomhairí ar féidir a n-airde a athrú ar fáil ag Leabharlanna Bhaile Uí Ruáin, Chaisleáin tSiomóin, Chluain Dolcáin agus Leamhcáin.
An bhfuil áiseanna ag ríomhairí a chuidíonn le húsáideoirí faoi mhíchumas?
Tá. Cuirimid Kurzweil ar fáil d’úsáideoirí le leibhéil fhoghlama agus litearthachta difriúla; an bogearra Zoomtext chun an scáileán a mhéadú; agus méarchláir agus luchóga malartacha. Tá deasca i leabharlanna Bhaile Uí Ruáin, Leamhcáin, Chaisleán tSíomóin agus Chluain Dolcáin ar féidir a n-airde a athrú i gcomhair úsáideoirí i gcathaoireacha rothaí. Tá an bogearra Jaws ar fáil i Leabharlann an Chontae i dTamhlacht d’úsáideoirí lagamhairc chomh maith lenár n-áiseanna eile ar fad.
