Fáil ar Iasacht

Cé chomh fada is ar féidir liom mír a thógáil ar iasacht?

Is é trí seachtaine an gnáth-thréimhse iasachta. Is féidir priontaí a thógáil ar iasacht ar feadh trí mhí agus leabhair shárdhíola ónár mbailiúchán Flash ar feadh 10 lá. Is féidir DVDanna a thógáil ar feadh seachtain amháin. Gheobhaidh tú fógra thar téarma sa phost má bhíonn d’iasachtaí déanach ag teacht ar ais.

Céard is féidir liom a thógáil ar iasacht?

Is féidir leabhair i mBéarla, i nGaeilge agus i dteangacha eile, Ceol ar CD nó téip, Scannáin ar DVD, cúrsaí teanga ar téip agus CD, Leabhair Chainte ar téip agus CD agus Priontaí a thógáil ar iasacht ónár leabharlanna. Tá bailiúcháin ar fáil do dhaoine fásta agus leanaí. Tig leat chomh maith iarradh orainn míreanna a fháil ar iasacht ó leabharlanna taobh amuigh d'Átha Cliath Theas ar do shon. Féach ar ár gceist ar Áirithintí chun tuilleadh eolais a fháil.