Ríomhairí agus Rochtain Idirlín

An féidir rochtain a fháil ar an Idirlíon ag an leabharlann?

Tá rochtain saor in aisce ar an Idirlíon ar fáil do gach duine fásta a bhfuil ticéad acu i ngach ceann dár leabharlanna. Tá fáilte roimh dhaoine óga chomh maith, má tá duine fásta freagrach á maoirsiú.

An féidir liom foghlaim le ríomhairí a úsáid liom féin ag an leabharlann?

Tá áiseanna féin-mhúinte ar gach ríomhaire sa leabharlann lena n-áirítear Mavis Beacon Teaches Typing; Lifesteps Guides to using the Internet agus bogearraí Cheadúnas Eorpach Tiomána Ríomhairí (ECDL).

An féidir le leanaí ríomhairí a úsáid ag an leabharlann?

I measc na gcarachtar atá ag fanacht ar leanaí ar na ríomhairí do leanaí ag na leabharlanna tá Scooby Doo, Bob the Builder, Rainforest Explorer agus Mr Greedy.

Cén chaoi ar féidir liom ríomhaire a chur in áirithe?

Tá 4 bhealach ann chun ríomhaire a chur in áirithe. Is féidir leat é a dhéanamh ag an leabharlann. Is féidir é a dhéanamh trí ghlaoch gutháin a chur ar do bhrainse áitiúil. Is féidir leat é a dhéanamh ar láithreán na leabharlainne. Gliogáil ar Ríomhairí na Leabharlainne a Úsáid sa roghchlár ar dheis. Is féidir do chéad seisiún eile a chur in áirithe ón ríomhaire atá in úsáid agat anois. Cuimhnigh, caithfidh d’uimhir ballraíochta agus do UAP bheith agat i gcónaí chun ríomhaire a chur in áirithe. Ag Leabharlann an Chontae i dTamhlacht is féidir leat ríomhaire a chur in áirithe trí na scáileáin féinseirbhíse.

An féidir liom ríomhairí a úsáid ag an leabharlann?

Tá ríomhairí ar fáil saor in aisce i ngach leabharlann le rochtain iomlán ar an Idirlíon, Microsoft Word, Access, Excel, Powerpoint agus Publisher. Ní gá ríomhaire a bhur in áirithe, ach bíonn an-tóir orthu mar sin moltar duit é a dhéanamh.