Cuir Ríomhaire in Áirithe

Is féidir leat ríomhaire a chur in áirithe sa leabharlann, ar an teileafón nó ar an láithreán gréasáin seo. Níl uait ach d’uimhir iasachtaí agus chun é a dhéanamh ar an láithreán teastaíonn do UAP. Ná dearmad do thicéad leabharlainne a thabhairt leat chun an ríomhaire a úsáid. Bíodh a fhios agat freisin nach féidir ríomhaire ar leith a chur in áirithe tríd an láithreán, mar sin má tá aon teicneolaíocht chúnta riachtanach duit, ba cheart duit dul chuig an leabharlann nó glaoch orthu chun é a chur in áirithe.

Mura bhfuil ríomhaire curtha in áirithe agat agus má tá ceann saor, tá fáilte romhat é a úsáid, ach má theastaíonn uait bheith cinnte go mbeidh ceann ar fáil, ba cheart duit é a chur in áirithe.

Gliogáil anseo chun ríomhaire a chur in áirithe