Seirbhís Sheachadadh Baile ón Leabharlann ó Leabharlann Átha Cliath Theas
Soláthraíonn Leabharlanna Taistil Átha Cliath Theas i gcomhar le Brainsí Leabharlanna Átha Cliath Theas seirbhís sheachadadh baile saor in aisce.
Ár gcuspóir
Rochtain ar leabharlann a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil deacracht acu freastal ar a leabharlann áitiúil
Cé a dhéanann seachadadh
Déanann foireann na leabharlanna seachadadh agus is féidir an tseirbhís a chur in oiriúint d’ ábhair spéise agus do riachtanais an duine. Glacann foireann na leabharlainne le hiarratais nó is féidir míreanna a chur in áirithint ar líne. Is féidir an tseirbhís a chur in oiriúint ó thaobh saghas ábhair a sholáthraítear (leabhair chainte, leabhair le prionta mór, leabhair le clúdach bog, srl) líon na míreanna agus fad an tréimhse iasachta.
Seachadaimid
leabhair, leabhair chainte, CDanna, DVDanna agus eolas
Spéis sa seirbhís?
Más mian leat úsáid a bhaint as an seirbhís, nó má tá aithne agat ar dhuine a bhainfeadh tairbhe asti, déan teagmháil le d’thoil, le Bernie Meenaghan ag Ceanncheathrú Leabharlanna Átha Cliath Theas (01 4597834), ríomhphost bmeenaghan@sdublincoco.ie
Rochtain ar líne ó bhaile
Ma tá seirbhís idirlín agat sa bhaile, is féidir leat nascadh le do sheirbhís leabharlanna áitiúil agus mórán a dhéanamh:
- Míreanna atá ar iasacht agat a athnuachan ar líne
- Áirithintí a dhéanamh ar líne
- Íoslódáil closleabhar agus ríomhleabhar saor in aisce
- Taighde ar line
- Eolas faoi staidéar áitiúil
- Eolas faoi chlubanna leabhar
- Podchraoltaí agus físeáin d’imeachtaí leabharlanna
