Taighde ar Líne
- Foghlaim Teanga ar líne
- Acmhainní Sláinte do Thomaltóirí
- Acmhainní Tagartha
- Nuachtáin ar Líne
- Acmhainní Pobail
- Acmhainní Leabhar
- Acmhainní Staidéir Áitiúla
Foghlaim Teanga ar Líne
Tá an-áthas ar Leabharlanna Átha Cliath Theas cur i bhfios go bhfuil seirbhís foghlaim teanga ar líne do níos mó ná 80 teanga ar fail.
Is féidir teach ar an seirbhís seo trí suíomh na leabharlanna agus tá sí saor in aisce do bhaill de Leabharlanna Átha Cliath Theas. Ní gá ach do chárta leabharlainne (Is gá cárta nua a thosaíonn le D4) a bheith agat agus ríomhaire nó fón cliste.
Gliogáil ar an nasc thuas chun tosú ag foghlaim teanga nua anois!
Téigh chuig Transparent Language ar Líne
Acmhainní Sláinte do Thomaltóirí
Consumer health Complete
Is é Consumer Health Complete (CHC) ó EBSCO an acmhainn is cuimsithe le haghaidh eolas sláinte do thomhaltóirí. Tá sé curtha le chéile chun riachtanais fáisnéis othar a shásamh agus chun tacú le tuiscint leathan ar cúrsaí sláinte a chothú. Tabhair faoi deara nach ceart an teolas atá sa bhunachar seo a úsáid le haghaidh féin-diagnóis agus ní ionadaí é do chomhairle leighis, diagnóis nó coir leighis proifisiúnta. Úsáidtear ainmneacha Mheiriceánacha do drugaí agus do cógás leighis ar an láithreán seo.
Is gá cárta leabharlainne chun an acmhainn seo a úsáid.
Téigh chuig Consumer health Complete
Ath Shamhlaigh Tú Féin
Má theastaíonn uait do shláinte a fheabhsú, tosú ar sport nó caitheamh aimsire nua, do theach a athrú nó bheith ag plé le himeachtaí cultúrtha, tá acmhainní ag leabharlanna Átha Cliath Theas chun tús a chur leis an bhfeachtas.
Téigh chuig Ath Shamhlaigh Tú Féin
Léitheoireacht Sláintiúl do Dhaoine Sláintiúla
Séard atá sa Scéim Léitheoireachta Shláintiúl ná cnuasacht leabhair féinchabhair do dhaoine atá ag eispéiriú struis nó deacrachtaí mhothúchánacha.
Tá an scéim roinnte i ndhá liosta:
Healthy Reading for Adults (63kb, PDF)
Healthy Reading for Families (61kb, PDF)
Ceisteanna a Bhaineann le Páistí
Sa liosta seo tá leabhair a bhfuil fáil orthu in ár leabharlanna a chabhróidh le páistí tabhairt faoi deacrachtaí an tsaoil.
Tá an liosta ar fáil mar bhróisiúr nó mar liosta anótáilte.
Acmhainní Tagartha
Encyclopaedia Britannica
![]()
Tá an chiclipéid iomlán san Eagrán Leabharlainne ar líne ina bhfuil os cionn 72,000 alt inchuardaithe agus láithreáin ghréasáin bhainteacha arna roghnú ag Eagarthóirí Encyclopaedia Britannica. Déanann foireann Encyclopaedia Britannica nuashonrú seasta ar an mbunachar sonraí.
Tá do chárta leabharlainne de dhíth chun rochtain a fháil ar an acmhainn seo.
- Tá an Chiclipéid Iomlán do dhaoine os cionn 18
- An Chiclipéid Scoláirí do dhaoine idir 12 - 18
- An Chiclipéid Bhunúsach do dhaoine idir 6 - 12
Tagairt Credo
Is leabharlann tagartha ar líne ina bhfuil os cionn 100 ciclipéid, foclóir agus leabhar tagartha eile atá i dTagairt Credo.
Tá do chárta leabharlainne de dhíth chun rochtain a fháil ar an acmhainn seo.
Trioblóid le nod chrosfocail, is féidir le Credo cabhrú leat! Ar thóir cruacheist spraoi, cláraigh le haghaidh cruacheist an Aoine.
Which
![]()
Is láithreán gréasáin eolais atá i Which a dhíríonn ar shaincheisteanna tomhaltóra. Tá clú agus cáil orthu de bharr tástálacha agus athbhreithnithe táirgí agus as comhairle a chur ar fáil do thomhaltóirí atá neamhspleách agus neamhchlaonta. Ní féidir teacht ar a n-acmhainn ar líne ach amháin ar ríomhairí inár mbrainsí. Tá cóipeanna de Which Magazine le fáil inár leabharlanna chomh maith.
Nuachtáin ar Líne
Láithreáin ghréasáin a chuireann rochtain ar fáil ar na céadta nuachtán Éireannacha, áitiúla agus Idirnáisiúnta i go leor teangacha.
Láithreáin Éireanna
Láithreáin Idirnáisiúnta agus i dTeangacha Iasachta
- Liosta Nuachtáin Náisiúnta agus Áitiúla Éireannacha/Albanacha/Manannacha
- Online Newspapers.com - iontach – inchuardaithe de réir tíre/ábhair – nótaí úsáideacha.
- News and Newspapers online - acmhainn chuardaigh teangacha an-fhairsing.
- World Newspapers.com - i mBéarla amháin, ach tá sé tarraingteach agus éasca le húsáid
- Kidon Media Link - cuardach teanga den scoth. Treoracha úsáideora cuimsitheacha. Acmhainní don Phobal.
Acmhainní Pobail
Eolas do Shaoránaigh
![]()
Is láithreán gréasáin de chuid e-Rialtas na hÉireann é Eolas do Shaoránaigh a chuireann an Bord Eolais do Shaoránaigh ar fáil. Cuireann an láithreán eolas seirbhís pobail ar fáil d’Éirinn.
Téigh chuig Citizen’s Information as Gaeilge
Comhairle Airgid agus Seirbhís Bhuiséadaithe
![]()
Is seirbhís náisiúnta, saor in aisce, iontaofa agus neamhspleách í MABS do dhaoine atá i bhfiacha nó i mbaol bheith i bhfiacha.
Téigh chuig to Comhairle Airgid agus Seirbhís Bhuiséadaithe (MABS)
Átha Cliath Theas
![]()
Is láithreán gréasáin tairsí é Baile Átha Cliath Theas ina bhfuil naisc chuig Láithreáin Ghréasáin eile de chuid Bhaile Átha Cliath Theas cosúil le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, Bord Forbartha Chontae Átha Cliath Theas, Property Path agus eile.
Connect
![]()
Is tionscnamh pobalbhunaithe de chuid Chomhairle Contae Átha Cliath Theas é Connect.
Acmhainní Leabhar
Borrowbooks
Is láithreán gréasáin é Borrowbooks trínar féidir cuardach a dhéanamh ar chatalóga ar líne agus láithreáin ghréasáin leabharlanna poiblí na hÉireann, agus leabhair, CDanna, DVDanna etc. a iarraidh ar iasacht trí Iasacht Idirleabharlainne. Déan cuardach agus cuir míreanna in áraithe ar Chatalóg ar Líne Leabharlanna Átha Cliath Theas sula núsáídeann tú Borrowbooks.
Book Crossing
Is láithreán gréasáin é Book Crossing ar a “scaoiltear leabhair amach san fhianas” agus ansin leantar a dturais agus na daoine ar a mbíonn tionchar acu. Cuirtear clib ar gach leabhar ar a bhfuil uimhir aitheantais uathúil agus fágtar in áit poiblí é chun go bhfaighidh duine éigin é. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar an láithreán.
Reader2Reader
![]()
Is láithreán é Reader2Reader do léitheoirí chun a dtuairimí faoi leabhair a roinnt - na rudaí a thaitin agus nár thaitin leat agus na rudaí a chur i sáinn tú.
WhichBook
![]()
Is láithreán gréasáin é WhichBook a thugann bealach taitneamhach agus infhiosach do léitheoirí chun leabhair a fháil a fheileann dá ghiúmar.
LifeSteps![]()
Is sraith treoracha suimiúla maidir leis an Idirlíon atá i Lifesteps agus beidh sé ar fáil i leabharlanna poiblí agus ar láithreán gréasáin an tionscadail.
Acmhainní Staidéir Áitiúla
Stair Chontae Átha Cliath Theas
![]()
Tugann Stair Bhaile Átha Cliath Theas forbhreathnú ar stair na sráidbhailte i mBaile Átha Cliath Theas agus áirítear ann íomhánna, léarscáileanna agus turais siúil de gach sráidbhaile.
Téigh chuig Stair Chontae Átha Cliath Theas
SOURCE ár gCartlann Digiteach
Bailiúchán acmhainní dhigiteacha a bhaineann le Chontae Átha Cliath Theas ar féidir a íoslódáil, curtha i láthair ag ár bhfoireann Staidéir Áitiúla.
Téigh chuig SOURCE
Connecting to the Past: Mapping South Dublin County in Time
Is féidir cnuasacht léarscáileanna stairiúla Chontae Átha Cliath Theas a bhrasáil ó léarscáil Rocque (1760) trí léarscáileanna éágsúla agus tréimhsí chuig léarscáileanna nua-aimseartha agus aerfótagrafaíocht.
Teigh chuig Connecting to the Past
Ask About Ireland
![]()
Is tionscnamh é Ask About Ireland idir leabharlanna poiblí agus músaeim agus cartlanna áitiúla chun ábhar nua, neamhghnách agus uathúil a dhigitiú agus a fhoilsiú ar líne ó bhailiúcháin staidéir áitiúla chun acmhainn náisiúnta Idirlín a chruthú don chultúr.
Téigh chuig Ask About Ireland
Griffith’s Valuation Maps
![]()
(1852) bunaithe ar léarscáileanna 1ú eagrán 6" na Suirbhéireachta Ordanáis ar fáil ag www.askaboutireland.ie
Breathnóir Leabharlainne ar Léarscáileanna Stairiúla de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis
Tá léarscáileanna stairiúla de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis ar fáil anois le féachaint orthu ar líne i leabharlanna poiblí amháin. Íomhánna d’ardchaighdeán atá i gceist agus is féidir iad a phriontáil. Is féidir cuardach a dhéanamh ar na léarscáileanna de réir contae, baile fearainn nó dúiche. Ní féidir teacht ar an acmhainn seo ach amháin ar ríomhairí inár mbrainsí. Is iad na sraitheanna léarscáileanna atá ar fáil:
- 6" Daite (1834 - 1842)
- 6" Dubh agus Bán (1834 - 1842)
- 25" Dubh agus Bán (1834 - 1842)
Irish Newspaper Archives
![]()
Is iad Cartlanna Pháipéir Nuachta na hÉireann an bunachar sonraí ar líne is mo ar domhan de Nuachtáin Éireannacha. Cuardaigh, aimsigh agus féach ar stair na hÉireann go díreach mar a foilsíodh é ó thús. Ní féidir teacht ar an acmhainn seo ach amháin ar ríomhairí I Leabharlann an Chontae i dTamhlacht a bhaineann le stair áitiúl.
Irish Times Digital Archive
![]()
Tá macasamhla díreacha na n-alt ar fad a foilsíodh san Irish Times ó 1859 i leith le fáil i gCartlann Digiteach an Irish Times. Ní féidir teacht ar an acmhainn seo ach amháin ar ríomhairí inár mbrainsí.
Téigh chuig Irish Times Digital Archive
Cnuasacht JSTOR Ireland
Is féidir teacht ar thart ar 90 irisí agus tréimhseacháin, ina measc cinn a bheadh áisiúl i staidéar stair áitiúl: Dublin Historical Record, Proceedings of the Royal Irish Academy, Archaeology Ireland, Collectanea Hibernica, History Ireland, Irish Historical , Studies, Journal of Irish Archaeology, Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, Nordic Irish Studies, Studia Hibernica, etc. Is féidir teacht ar an cnuasacht ar na ríomhairí i Leabharlann an Chontae, Tamhlacht. Tá nasc ar fáil ar deasc na ríomhairí i Leabharlann an Chontae le haghaidh staidéar áitiúl.
Teigh chuig www.jstor.org.
