Léirmheasanna Leabhar do Leitheoirí Nua

Alice’s Adventures in Wonderland.  Lewis Carroll.

Ar feadh os cionn céad bliain, tá taitneamh bainte ag óg agus sean as scéal claisiceach loighce agus gealtachta Lewis Carroll. Le níos mó léaráidí ná eagráin roimhe seo, tá an léiriú seo a bhfuil duaiseanna buaite aige lán le teas agus greann. Tá an cur chuige ar fad comhaimseartha agus inrochtana: Tá Alice í féin ina páiste sa lá atá inniu ann – le héadaí neamhfhoirmiúla agus tá sí cáirdiúil agus spraíúil. I lámha Helen Oxenbury, is áit iontach go deo atá i ndomhan bun os cionn Wonderland.

Cat Tales. Linda Newbery

Nuair a bhogann teaghlach Simon teach bíonn saghas mearbhall air i dtaobh na seanmhná a chónaíonn béaldoras, a bhfuil nós saghas aisteach aici labhairt lena plandaí. Ansin, oíche amháin, agus é ag féachaint uirthi ag glaoch amach sa ghairdín, feiceann sé cait scáthaithe timpeall uirthi agus tugann sé faoi deara nach bhfuil aon duine seachas é féin in ann a chomharsa taibhsiúil agus a cairde féilíneacha aisteacha a fheiceáil.

Alfie Green and the Supersonic Highway. Joe O’Brien

Nuair a phléascann an Cachtas Smaragaid san Fhásach Gruama, clúdaítear Budsville le gaineamh glas lonnrach…Go gairid ina dhiaidh sin tiocfaidh na Lucharacháin Fásaigh ina gCarbaid Scairpe. Cén chaoi ar féidir le hAlfie iad a stopadh? B’fhéidir go n-oibreodh an lomaire faiche an-speisialta atá i bhfolach in íosbhealach rúnda faoi chró Dhaideo – agus b’fhéidir go gcabhródh sé le hAlfie agus Fitzer sa rás chairtín chomh maith!

The Pain and the Great One. Judy Blume

Tá an Phian (aka Jake Porter) sé bliana d’aois. Tá a dheirfiúr, an Té atá Iontach (aka Abigail Porter) ocht mbliana d’aois. Cosúil le siblíní ar bith, cuireann siad soir a chéile. Bíodh siad ag lapadáil ag an trá, ag dul síos an sleamhnán iontach nó ag dul i ngleic le hailigéadair, bíonn an saol ina eachtra do Jake agus Abigail i gcónaí!

Iggy & Me.  Jenny Valentine

Is é seo an chéad leabhar i sraith nua ficsin don óige ó Jenny Valentine. Is sraith scéalta teaghlaigh atá in IGGY AND ME ina bhfuil taismí Iggy, nach féidir a choinneáil síos, atá cúig bliana d’aois mar a fheictear iad trí shúile a deirféar mór Flo. Tá scéal nua agus sásúil i ngach caibidil atá greannmhar agus tarraingteach as féin, agus tá siad an-fheiliúnach do léitheoirí nua a bhfuil muinín faighte acu le léamh astu féin nó le léamh os ard ag am codlata.