
![]()
Tá an chiclipéid iomlán san Eagrán Leabharlainne ar líne ina bhfuil os cionn 72,000 alt inchuardaithe agus láithreáin ghréasáin bhainteacha arna roghnú ag Eagarthóirí Encyclopaedia Britannica. Déanann foireann Encyclopaedia Britannica nuashonrú seasta ar an mbunachar sonraí.
Tá do chárta leabharlainne de dhíth chun rochtain a fháil ar an acmhainn seo.
Is leabharlann tagartha ar líne ina bhfuil os cionn 100 ciclipéid, foclóir agus leabhar tagartha eile atá i dTagairt Credo.
Tá do chárta leabharlainne de dhíth chun rochtain a fháil ar an acmhainn seo.
Trioblóid le nod chrosfocail [4], is féidir le Credo cabhrú leat! Ar thóir cruacheist spraoi [5], cláraigh le haghaidh cruacheist an Aoine.
![]()
Is láithreán gréasáin eolais atá i Which a dhíríonn ar shaincheisteanna tomhaltóra. Tá clú agus cáil orthu de bharr tástálacha agus athbhreithnithe táirgí agus as comhairle a chur ar fáil do thomhaltóirí atá neamhspleách agus neamhchlaonta. Ní féidir teacht ar a n-acmhainn ar líne ach amháin ar ríomhairí inár mbrainsí. Tá cóipeanna de Which Magazine le fáil inár leabharlanna chomh maith.
![]()
Cuireann MarketLine bailiúchán cuimsitheach agus uathúil eolais, taighde agus sonraí ar fáil a bhaineann le cuideachta, tionscal, táirge agus tír, thar gach áit mhargaidh agus tionscal mór.
Tá do chárta leabharlainne de dhíth chun rochtain a fháil ar an acmhainn seo.
![]()
Is é Lexis Nexis an bailiúchán nuachta agus eolais ghnó is mó ar domhan. Tá an acmhainn seo ar fáil ar ár ríomhairí leabharlainne ar fud líonra an bhrainse.
![]()
Is láithreán gréasáin atá i Vision Net a chuireann eolas cuideachta ar fáil d’Éirinn agus don Ríocht Aontaithe. Tá an acmhainn seo ar fáil ar ár ríomhairí leabharlainne ar fud líonra an bhrainse.
Láithreáin ghréasáin a chuireann rochtain ar fáil ar na céadta nuachtán Éireannacha, áitiúla agus Idirnáisiúnta i go leor teangacha.
![]()
Is láithreán gréasáin de chuid e-Rialtas na hÉireann é Eolas do Shaoránaigh a chuireann an Bord Eolais do Shaoránaigh ar fáil. Cuireann an láithreán eolas seirbhís pobail ar fáil d’Éirinn.
Téigh chuig Citizen’s Information as Gaeilge [18]
![]()
Is seirbhís náisiúnta, saor in aisce, iontaofa agus neamhspleách í MABS do dhaoine atá i bhfiacha nó i mbaol bheith i bhfiacha.
Téigh chuig to Comhairle Airgid agus Seirbhís Bhuiséadaithe (MABS) [19]
![]()
Is láithreán gréasáin tairsí é Baile Átha Cliath Theas ina bhfuil naisc chuig Láithreáin Ghréasáin eile de chuid Bhaile Átha Cliath Theas cosúil le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, Bord Forbartha Chontae Átha Cliath Theas, Property Path agus eile.
Téigh chuig Átha Cliath Theas [20]
![]()
Is tionscnamh pobalbhunaithe de chuid Chomhairle Contae Átha Cliath Theas é Connect.
Téigh chuig Connect [21]
Borrowbooks
Is láithreán gréasáin é Borrowbooks trínar féidir cuardach a dhéanamh ar chatalóga ar líne agus láithreáin ghréasáin leabharlanna poiblí na hÉireann, agus leabhair, CDanna, DVDanna etc. a iarraidh ar iasacht trí Iasacht Idirleabharlainne. Déan cuardach agus cuir míreanna in áraithe ar Chatalóg ar Líne Leabharlanna Átha Cliath Theas [22] sula núsáídeann tú Borrowbooks.
Book Crossing
Is láithreán gréasáin é Book Crossing ar a “scaoiltear leabhair amach san fhianas” agus ansin leantar a dturais agus na daoine ar a mbíonn tionchar acu. Cuirtear clib ar gach leabhar ar a bhfuil uimhir aitheantais uathúil agus fágtar in áit poiblí é chun go bhfaighidh duine éigin é. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar an láithreán.
Téigh chuig Book Crossing [24]
Reader2Reader
![]()
Is láithreán é Reader2Reader do léitheoirí chun a dtuairimí faoi leabhair a roinnt - na rudaí a thaitin agus nár thaitin leat agus na rudaí a chur i sáinn tú.
Téigh chuig Reader2Reader [25]
WhichBook
![]()
Is láithreán gréasáin é WhichBook a thugann bealach taitneamhach agus infhiosach do léitheoirí chun leabhair a fháil a fheileann dá ghiúmar.
Téigh chuig WhichBook.net [26]
LifeSteps![]()
Is sraith treoracha suimiúla maidir leis an Idirlíon atá i Lifesteps agus beidh sé ar fáil i leabharlanna poiblí agus ar láithreán gréasáin an tionscadail.
![]()
Tugann Stair Bhaile Átha Cliath Theas forbhreathnú ar stair na sráidbhailte i mBaile Átha Cliath Theas agus áirítear ann íomhánna, léarscáileanna agus turais siúil de gach sráidbhaile.
Téigh chuig Stair Chontae Átha Cliath Theas [28]
![]()
Bailiúchán íomhánna de Bhaile Átha Cliath Theas ar féidir a íoslódáil, atá digiteach agus curtha i láthair ag ár bhfoireann Staidéir Áitiúla.
Téigh chuig South Dublin County Images [29]
Is féidir cnuasacht léarscáileanna stairiúla Chontae Átha Cliath Theas a bhrasáil ó léarscáil Rocque (1760) trí léarscáileanna éágsúla agus tréimhsí chuig léarscáileanna nua-aimseartha agus aerfótagrafaíocht.
Teigh chuig Connecting to the Past [30]
![]()
Is tionscnamh é Ask About Ireland idir leabharlanna poiblí agus músaeim agus cartlanna áitiúla chun ábhar nua, neamhghnách agus uathúil a dhigitiú agus a fhoilsiú ar líne ó bhailiúcháin staidéir áitiúla chun acmhainn náisiúnta Idirlín a chruthú don chultúr.
Téigh chuig Ask About Ireland [31]
![]()
(1852) bunaithe ar léarscáileanna 1ú eagrán 6" na Suirbhéireachta Ordanáis ar fáil ag www.askaboutireland.ie [32]
Tá léarscáileanna stairiúla de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis ar fáil anois le féachaint orthu ar líne i leabharlanna poiblí amháin. Íomhánna d’ardchaighdeán atá i gceist agus is féidir iad a phriontáil. Is féidir cuardach a dhéanamh ar na léarscáileanna de réir contae, baile fearainn nó dúiche. Ní féidir teacht ar an acmhainn seo ach amháin ar ríomhairí inár mbrainsí. Is iad na sraitheanna léarscáileanna atá ar fáil:
![]()
Is iad Cartlanna Pháipéir Nuachta na hÉireann an bunachar sonraí ar líne is mo ar domhan de Nuachtáin Éireannacha. Cuardaigh, aimsigh agus féach ar stair na hÉireann go díreach mar a foilsíodh é ó thús. Ní féidir teacht ar an acmhainn seo ach amháin ar ríomhairí I Leabharlann an Chontae i dTamhlacht a bhaineann le stair áitiúl.
![]()
Tá macasamhla díreacha na n-alt ar fad a foilsíodh san Irish Times ó 1859 i leith le fáil i gCartlann Digiteach an Irish Times. Ní féidir teacht ar an acmhainn seo ach amháin ar ríomhairí inár mbrainsí.
Téigh chuig Irish Times Digital Archive [33]
Is féidir teacht ar thart ar 90 irisí agus tréimhseacháin, ina measc cinn a bheadh áisiúl i staidéar stair áitiúl: Dublin Historical Record, Proceedings of the Royal Irish Academy, Archaeology Ireland, Collectanea Hibernica, History Ireland, Irish Historical , Studies, Journal of Irish Archaeology, Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, Nordic Irish Studies, Studia Hibernica, etc. Is féidir teacht ar an cnuasacht ar na ríomhairí i Leabharlann an Chontae, Tamhlacht. Tá nasc ar fáil ar deasc na ríomhairí i Leabharlann an Chontae le haghaidh staidéar áitiúl.
Teigh chuig www.jstor.org [34].