
Is foirgneamh Carnegie ar stíl Ealaíona agus Ceardaíochta atá i Leabharlann Chluain Dolcáin atá suite ar Bhóthar na Mainistreach, tá fiú Túr ann agus púca (a deirtear)! Tógadh i 1911 é, rinneadh athchóiriú air i 1972 agus d’oscail sé mar leabharlann lánaimseartha i mí na Nollag 1972. Tá an leabharlann ar dhá urlár, an leabharlann do dhaoine fásta ar urlár na talún agus rannóg na leanaí thuas staighre. Tá dealbh d'Áirc Noah, a chruthaigh leanaí Átha Cliath Theas do thionscadal Mosaic Quake i 1998 ar bhuanthaispeántas. Reáchtáiltear amanna scéalaíochta rialta, gníomhaíochtaí ealaíne agus ceardaíochta agus an club leabhar sóisir sa leabharlann sóisir.
De réir ár dtiomantas seirbhíse, rochtain d’ár seirbhísí a chothú d’ár gcustaiméirí uilig, tá closchóras lúb ionduchtúcháin ag an gcuntar agus tá ríomhairí ar fáil le teicneolaíochtaí cúnta. Tá an bealach isteach sa leabharlann éascaithe le rampa agus le doras uathoibríoch. Níl aon rochtain do leabharlann na nÓg do dhaoine a úsáideann cathaoir rotha nó do dhaoine le deacrachtaí soghluaisteachta de bharr nach bhfuil ardaitheoir sa bhfoirgneamh. Tá roinnt comharthaíocht tadhaill treorach sa leabharlann. Cuireann an leabharlann Seirbhís Sheachadadh Baile [1] ar fáil do dhaoine nach féidir leo cuairt a thabhairt ar an leabharlann. Le do thoil, roghnaigh an nasc a leannán chun tuilleadh eolais a fháil ar Gnéithe Rochtana, Leabharlann Chluain Dolcáin [2]. Tá sonraí agus físeán san áireamh ar fáil faoi ghnéithe rochtana gach Leabharlann Átha Cliath Theas ar ár leathnach Rochtain [3].
Is sráidbhaile stairiúil in Átha Cliath Theas atá i sráidbhaile Chluain Dolcáin, ina bhfuil ceann de na Cloigthithe is fearr caomhnaithe in Éirinn, aonad cultúrtha na hÉireann in Áras Chrónáin agus Caisleán Uí Mhaoltuile. Is conláiste agus pointe fócasach áitiúil atá sa leabharlann, a oibríonn go dlúth le scoileanna agus grúpaí pobail áitiúla, ag díriú ar fháilte chairdiúil a chur roimh chách.
Gliogáil anseo chun liosta imeachtaí don seacht lá atá romhainn a fheiceáil
Date
Title
07/02/2012 - 6:30pm
07/02/2012 - 6:30pm
08/02/2012 - 10:30am
09/02/2012 - 5:30pm
Seoladh:
Leabharlann Chluain Dolcáin
Bóthar na Mainistreach
Cluain Dolcáin
Baile Átha Cliath 22
Teil: +353 1 4593315
Facs +353 1 4595509
Dúnta ar an Satharn agus an Luan de Dheireadh Seachtaine Saoire Bainc
Leabharlannaí Sinsir: Catherine Gallagher
Ríomhphost na Leabharlainne: clondalkin@sdublincoco.ie [5]
Tá stop na Bó Deirge ar Líne Dhearg an LUAS timpeall deich nóiméad siúil ó leabharlann Chluain Dolcáin, ó stop an LUAS siúl thar an droichead gorm agus i dtreo an tsráidbhaile.
Is féidir teacht chuig an Leabharlann freisin leis na seirbhísí bus seo a leanas:
Bealach 68 Cé Aston go dtí an Caisleán Nua / Páirc Ghnó Ghrianóige Bealach 69 Cé Aston go dtí Ráth Cúile 51B Cé Aston go dtí Caisleán na Gráinsí 51C Cé Aston go dtí Caisleán na Gráinsí 76 A/B a cheanglaíonn Cluain Dolcáin, Tamhlacht agus Baile Formáid 210 Tamhlacht (An Chearnóg) le hOllionad Ghleann na Life
Chun sonraí an chláir ama, an bhealaigh agus táillí a fháil, gliogáil ar láithreán Bhus Átha Cliath. Níl áiseanna páirceála ag an leabharlann.