
Tá Leabharlann John Jennings suite ar thailte Ospidéal an Stíobhardaigh i mBaile Phámar. Is leabharlann bheag í ina bhfuil bailiúchán speisialta leabhar agus irisí maidir le deacrachtaí foghlama agus intleachta. Cuirtear seirbhís níos leithne ar fáil don phobal chomh maith lena n-áirítear rochtain saor in aisce ar an Idirlíon agus ar WiFi.
Tagann Club Leabhar Leabharlann Stewart [1] le chéile sa leabharlann.
Tá taithí ag an bhfoireann i gcúrsaí míchumas intleachta. Beidh fáilte speisialta roimh daoine le mhíchumais fisiceacha nó intleachta agus roimh a gcúramóirí. Le do thoil, roghnaigh an nasc a leannan chun tuilleadh eolais a fháil ar Gnéithe Rochtana, Leabharlann Stewart [2] (pdf, 12Kb). Tá sonraí, agus físeán san áireamh, ar fáil faoi ghnéithe rochtana gach Leabharlann Átha Cliath Theas ar ár leathnach Rochtain.
Is comhpháirtíocht phríobháideach/phoiblí atá sa Leabharlann idir Leabharlanna Contae Átha Cliath Theas agus Seirbhísí Ospidéal an Stíobhardaigh Teo. Feidhmíonn sí i gcomhpháirtíocht le Leabharlanna Contae Átha Cliath Theas agus cuireann sí seirbhís pháirtaimseartha ar fáil do cheantar Bhaile Phámar.
Gliogáil anseo le haghaidh liosta imeachtaí don 7 lá atá romhainn
There are no events scheduled for this week.
Seoladh:
Leabharlann John Jennings
Ospidéal Stewart
Baile Phámar
Baile Átha Cliath 20
Teil: +353 1 6264444 (fo-líne 1129)
Facs: +353 1 6261707
Leathnach na Leabharlainne ar shuíomh Ghréasáin Ospidéil Stewart [4]
Uaireanta Oscailte
Dúnta an Luan de Dheireadh Seachtaine Saoire Bainc
Leabharlannaí Sinsir: Siobhan McCrystal
Ríomhphost na Leabharlainne: library@stewartshospital.com [5]
Is féidir teacht chuig an Leabharlann ar bhus 18 ó Fhaiche Dhumhach Thrá chuig Baile Phámar trí Sheanbhóthar Leamhcáin. Tabhair faoi deara go bhfuil siúlóid fhada ó stop an bhus go dtí an leabharlann. Chun eolas a fháil ar bhealaí, cláir ama agus táillí, féach ar láithreáin Bhus Átha Cliath [6].