
Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháide i dtaca leis an Láithreán Gréasáin seo agus seirbhísí bainteacha ar líne Leabharlanna Contae Átha Cliath Theas. Níl Leabharlanna Contae Átha Cliath Theas freagrach as ábhar ná cleachtais phríobháide láithreán gréasáin eile. Tá naisc le láithreáin ghréasáin seachtracha so-aitheanta go soiléir.
Ní bhailíonn Leabharlanna Contae Átha Cliath Theas aon eolas pearsanta fút ar an Láithreán Gréasáin seo, seachas an t-eolas a chuireann tú chugainn trí ríomhphost, trí bhallraíocht leabharlainne a thógáil amach ar líne nó trí logáil isteach agus ár seirbhísí ar líne a úsáid. Ní thabharfar aon eolas a chuireann tú ar fáil ar na bealaí seo do thríú páirtithe. Beidh na caighdeáin slándála agus rúndachta is airde i bhfeidhm maidir le haon eolas a thugann tú dúinn tríd an Láithreán Gréasáin de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003. Bailiú agus úsáid eolais theicniúil<0}
Ní úsáideann an Láithreán Gréasáin seo fianáin, seachas fianáin sealadacha "seisiúin" a cheadaíonn do bhrabhsálaí an chuairteora cuimhneamh ar na leathanaigh den Láithreán ar tugadh cuairt orthu cheana féin. Is píosa eolais atá i bhfianán a stóráiltear ar thiomántán crua úsáideora agus iad ag tabhairt cuairt ar Láithreán Gréasáin ar leith. Tá eolas simplí ann maidir le haitheantas an úsáideora ach níl aon eolas pearsanta i gceist. Nuair a dhúnann an t-úsáideoir a bhrabhsálaí, scriostar an fianán. Tig leat do ríomhaire a shocrú chun nach nglacfadh sé le fianáin gan feidhmiúlacht an Láithreáin seo a chailleadh.
Coinnítear cuntas de na sonraí teicniúla i dtaca le cuairteanna ar an Láithreán Gréasáin seo ar mhaithe le staitisticí. Ní bhailítear aon eolas a d’fhéadfaí a úsáid chun cuairteoirí chuig an Láithreán a aithint. Níl aon eolas pearsanta maidir le húsáideoirí inár gcomhaid loga. Ní "eolas pearsanta" chun críocha na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003 atá san eolas staitistiúil a bhailítear.
Má athraíonn an beartas príobháide seo in aon bhealach, cuirfimid leagan suas chun dáta ar an leathanach seo.
Tugtha suas chun dáta: 12/06/2009
Tig leat modhanna oibre Chomhairle Contae Átha Cliath Theas maidir le Saoráil Faisnéise a fháil ag: http://corporateservices.southdublin.ie/index.php?option=com_content&task=view&id=141&Itemid=100 [1]
Tá eolas maidir le Cosaint Sonraí ar fáil ar láithreán gréasáin an Choimisinéara Sonraí ag: http://www.dataprotection.ie [2]