Ba mhaith liom...

Cluain Dolcáin

Is foirgneamh Carnegie ar stíl Ealaíona agus Ceardaíochta atá i Leabharlann Chluain Dolcáin atá suite ar Bhóthar na Mainistreach, tá fiú Túr ann agus púca (a deirtear)! Tógadh i 1911 é, rinneadh athchóiriú air i 1972 agus d’oscail sé mar leabharlann lánaimseartha i mí na Nollag 1972. Tá an leabharlann ar dhá urlár, an leabharlann do dhaoine fásta ar urlár na talún agus rannóg na leanaí thuas staighre. Tá dealbh d'Áirc Noah, a chruthaigh leanaí Átha Cliath Theas do thionscadal Mosaic Quake i 1998 ar bhuanthaispeántas. Reáchtáiltear amanna scéalaíochta rialta, gníomhaíochtaí ealaíne agus ceardaíochta agus an club leabhar sóisir sa leabharlann sóisir.

De réir ár dtiomantas seirbhíse, rochtain d’ár seirbhísí a chothú d’ár gcustaiméirí uilig, tá closchóras lúb ionduchtúcháin ag an gcuntar agus tá ríomhairí ar fáil le teicneolaíochtaí cúnta. Tá an bealach isteach sa leabharlann éascaithe le rampa agus le doras uathoibríoch. Níl aon rochtain do leabharlann na nÓg do dhaoine a úsáideann cathaoir rotha nó do dhaoine le deacrachtaí soghluaisteachta de bharr nach bhfuil ardaitheoir sa bhfoirgneamh. Tá roinnt comharthaíocht tadhaill treorach sa leabharlann. Cuireann an leabharlann Seirbhís Sheachadadh Baile ar fáil do dhaoine nach féidir leo cuairt a thabhairt ar an leabharlann. Le do thoil, roghnaigh an nasc a leannán chun tuilleadh eolais a fháil ar Gnéithe Rochtana, Leabharlann Chluain Dolcáin. Tá sonraí agus físeán san áireamh ar fáil faoi ghnéithe rochtana gach Leabharlann Átha Cliath Theas ar ár leathnach Rochtain.

Is sráidbhaile stairiúil in Átha Cliath Theas atá i sráidbhaile Chluain Dolcáin, ina bhfuil ceann de na Cloigthithe is fearr caomhnaithe in Éirinn, aonad cultúrtha na hÉireann in Áras Chrónáin agus Caisleán Uí Mhaoltuile. Is conláiste agus pointe fócasach áitiúil atá sa leabharlann, a oibríonn go dlúth le scoileanna agus grúpaí pobail áitiúla, ag díriú ar fháilte chairdiúil a chur roimh chách.

Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí

 

 

Gliogáil anseo chun liosta imeachtaí don seacht lá atá romhainn a fheiceáil

Date Title
18/11/2019 - 6:00pm
To make Clondalkin Library a more welcoming place for people who may experience sensory difficulties, we will be reducing our lighting and minimising noise levels for this evening. The library will operate as normal, and all patrons are welcome to use the library as they usually would during this period. 
19/11/2019 - 3:30pm
Suitable for ages 3-6.  Listen to stories and then do some arts and craft activities connected with the stories.  All welcome - there is no need to book. 
20/11/2019 - 3:00pm
3D Printing Workshop for ages 9+ (Part of: Science Week)
Learn how to print a 3D model of a character from a classic movie. Return the following week to paint your model and take it home. For ages 9+. Please note this event takes place over 2 Wednesdays 20th and 27th November and you must be able to attend both sessions. Go to http://clondalkinlibrary.eventbrite.com from 21st October to book. 
22/11/2019 - 12:30pm
This month the class will be making a Christmas tree decoration from an old book. All materials are supplied. To book telephone us at 01 4593315. 
23/11/2019 - 10:00am
Every Saturday between 10.00am and 12.00 noon, this group meets to knit, sew and crochet.  The group  has no leader or teacher, just enthusiastic handicrafters eager to learn and happy to share advice and tips.   New members are always welcome.  No booking required, just come along.
23/11/2019 - 3:00pm
The chess club will now take place every Saturday from September to November, starting 14th September. If you are interested please contact us on 01 4593315 to book, even if you were in the club already. Suitable for ages 8-12. 

 

 

Teagmháil

Seoladh:
Leabharlann Chluain Dolcáin
Bóthar na Mainistreach
Cluain Dolcáin
Baile Átha Cliath 22

Teil: +353 1 4593315
Facs +353 1 4595509

Uaireanta Oscailte

Dúnta ar an Satharn agus an Luan de Dheireadh Seachtaine Saoire Bainc

  • Luan: 9.45 - 8.00
  • Máirt: 9.45 - 8.00
  • Céadaoin: 9.45 - 8.00
  • Déardaoin: 9.45 - 8.00
  • Aoine: 9.45 - 4.3o
  • Sath: 9.45 - 4.30


Leabharlannaí Sinsir:
Emma McDonald
Ríomhphost na Leabharlainne: clondalkin@sdublincoco.ie

Léarscáil agus Treoracha

Tá stop na Bó Deirge ar Líne Dhearg an LUAS timpeall deich nóiméad siúil ó leabharlann Chluain Dolcáin, ó stop an LUAS siúl thar an droichead gorm agus i dtreo an tsráidbhaile.
Is féidir teacht chuig an Leabharlann freisin leis na seirbhísí bus seo a leanas:
Bealach 68 Cé Aston go dtí an Caisleán Nua / Páirc Ghnó Ghrianóige Bealach 69 Cé Aston go dtí Ráth Cúile 51B Cé Aston go dtí Caisleán na Gráinsí 51C Cé Aston go dtí Caisleán na Gráinsí 76 A/B a cheanglaíonn Cluain Dolcáin, Tamhlacht agus Baile Formáid 210 Tamhlacht (An Chearnóg) le hOllionad Ghleann na Life
Chun sonraí an chláir ama, an bhealaigh agus táillí a fháil, gliogáil ar láithreán Bhus Átha Cliath. Níl áiseanna páirceála ag an leabharlann.

Javascript is required to view this map.