Languages

 

Léirmheasanna Leabhar Pictiúir

Grrrrrr! Seachain! Tá an Dineasár Mór Salach ag teacht! Tá sé mór millteach! Tá ocras air! Is é an DINEASÁR MÓR SALACH atá ann! Tá sé chun aon rud a bhíonn ina bhealach a ithe! Ní féidir le haon duine seachas Hal (agus a mhadra Billy) an beithíoch ocrach a stopadh, mar tá a fhios acu cén chaoi an Dineasár Mór Salach a cheannsú …Lig do Hal agus Billy a thaispeáint duit cén chaoi le déileáil le spadhair ollmhóra an dragain! Tá téacs dinimic agus lán le haicsean cruthaithe ag an scéalaí clúiteach Martin Waddell a théann go maith leis an gcéad leabhar pictiúir spleodrach seo ón maisitheoir nua, Leonie Lord.

San oíche athrú aréir, chnag gach duine ag doras an bhuachalla óig, leag siad é nuair a lig sé isteach iad, ach an raibh iontas mór i ndán dó? Ó foilsíodh a chéad leabhar i 1976, tá os cionn 70 leabhar scríofa ag Colin, agus go leor díobh scríofa agus maisithe aige. Tá clú ar Colin freisin mar fhile greannmhar chomh maith lena leabhair scéalaíochta agus aithnítear é ar cheann de phríomhúdair/mhaisiteoirí na Breataine é. Áirítear i measc a theidil "Walker" trí leabhar faoi Captain Abdul agus a chriú foghlaithe mara; "Nighty-Night!"; "Potty Poo-Poo Wee-Wee"; "We're Off to Look for the Aliens"; agus, "When I Grow Up".

Dá mbeadh cónaí ort i dteach sna coillte agus má bhí do chairde uile ina gcodladh don gheimhreadh is dócha go mbeadh an ghráinn agat ar an ngeimhreadh, díreach cosúil leis an mbuachaill seo. Ach lá amháin tagann figiúr aisteach spíceach agus athraíonn sé saol an bhuachalla ina áit iontach geimhridh! Cé chomh fada is a mhairfidh an ortha draíochta? Cuireann léaráidí sainiúla amhail a bheith gearrtha as lionóil Kazuno Kohara agus an pailéad teoranta an tionlacan foirfe ar fáil don scéalaíocht ghairid, greannmhar sa leabhar pictiúir nua stíleach seo atá tarraingteach do leanaí.

Foghlaimíonn athair agus leanbh faoin taitneamh ar féidir a bhaint as a ghruaig chraiceáilte sa leabhar pictiúir iontach seo.  Déanann Bonnie iarracht gruaig a hathar a cheannsú, ach ní éiríonn léi, agus bíonn sé ina raic idir gach cineál éan agus ainmhí chun spás a fháil i gcastacha agus i gcúilíní an leabhair seo. Comhnascann an téacs comhráiteach teolaí agus greannmhar le léaráidí úra, drámatúla Dave McKean chun leabhar pictiúir foirfe eile ó Gaiman agus McKean a sholáthar.

Tugann an leabhar álainn seo deis uathúil do thuismitheoirí dul isteach i ndomhan fíorshuimiúil linbh agsu a ngrá a léiriú trí shraith eachtraí draíochta, véarsa cumhachtach agus léaráidí samhlaíocha.

TIs leabhar pictiúir corraitheach é seo, ina bhfuil carachtair nua ón údar Oliver Jeffers, a bhfuil an-mheas air agus a bhfuil go leor duaiseanna buaite aige. Nuair a thosaíonn an saol san fhorais ag athrú; nuair a chaileann crainn a gcraobhacha gan fáth, nuair a thosaíonn crainn iomlána ag imeacht as radharc, nuair a chailltear tithe, níl le déanamh ag cónaitheoirí na foraoise ach imscrúdú iomlán a dhéanamh. Caithfear ailibíonna a chruthú, leideanna a fháil ach ina dhiaidh sin féin, ní bhíonn an milleán i bhfad ó intinn aon duine. Cé a rinne an choir ghráinniúil seo? An mbainfear ceart agus cóir amach?