Tóg amach Ballraíocht Leabharlainne

Tá Leabharlanna poiblí saor in aisce agus oscailte do chách. Le bheith i do bhall, caithfidh tú cáipéis oifigiúil nua a thaispeáint a bhfuil do sheoladh uirthi. Is féidir do Cheadúnas Tiomána, bille BSL nó Leabhar Oifig an Phoist a úsáid, mar shampla.

Ná dearmad nach bhfuil do sheoladh ar do phas agus dá bhrí sin ní féidir é a úsáid. Caithfidh daoine óga cead tuismitheora nó caomhnóra a fháil ar an bhfoirm. Is féidir le tuismitheoirí ballraíocht a fháil dá leanaí ó bheirtear iad.

Níl aon táille le bheith i do bhall. Gearrfar 25c ort ar gach mír gach seachtain má bhíonn tú déanach ag tabhairt leabhair ar ais, ach cuirfear meabhráin duit chugat nuair a bhíonn do leabhair thar téarma.

Tá freagraí mine ar cheisteanna maidir leis an leabharlann a úsáid ar fáil anseo: Ceisteanna Coitianta.

Is féidir ballraíocht a thogáil amach ar líne ón suíomh seo.